Cuireann an aidiacht bhrathartha in iúl cad é atá déanta le rud nó duine.
Mar shampla:
- Tá an ceacht déanta agam
- Bhí an solas lasta aici
- Beidh an obair críochnaithe acu
Cuirtear -ta nó -te le briathra dar críoch -l, -n, -s, -ch, -d
| díol | díolta |
| pós | pósta |
| dún | dúnta |
| druid | druidte |
| goid | goidte |
Cuirtear -tha nó -the le briathra dar críoch -b, -c, -g, -m, -p, -r
| scuab | scuabtha |
| íoc | íoctha |
| fág | fágtha |
| cum | cumtha |
| cuir | curtha |
| gearr | gearrtha |
Cuirtear -fa le briathra dar críoch -bh, -mh, gh, tar éis an críoch a bhaint
| togh | tofa |
| ríomh | ríofa |
| scríobh | scríofa |
| lobh | lofa |
Cuirtear -a nó -e le briathra dar críoch -t
| scoilt | scoilte |
| tit | tite |
| loit | loite |
| cleacht | cleachta |
Athscríobh na habairtí seo gan na lúibíní
- Nuair a bheidh an carr (díol) aici ceannóidh sí ceann nua.
- An bhfuil an doras sin (dún) fós?
- Níl an t-urlár (scuab) fós aige.
- Níl rialtas nua (togh) fós.
- Tá na seoda (goid) ag an drong.
- Beidh dán nua (cum) ag an bhfile go luath.
- An bhfuil an chistin (glan) agat fós?
- Tá alt (scríobh) ag an iriseoir nua.
- Tá súil agam go mbeidh do ghruaig (bearr) roimh an mbainis!
- Níl an bille (ríomh) ag an meicneoir fós.
- An bhfuil an fonn nua (cleacht) agat inniu?
- Tá an cluiche (mill) agat orthu.
- Tá an t-adhmad (scoilt) agam leis an tua.
- Tá an páipéar (fill) aici.
- Tá an roth (poll) agat.