Léamhthuiscint: Léigh an sliocht thíos agus freagair na ceisteanna a leanas.

Grianghraf: Mokhamad Edliadi/CIFOR
Tá athrú suntasach agus scanrúil ag teacht ar na Himiléithe, na sléibhte is airde ar domhan, mar gheall ar an téamhú domhanda. Tugtar “an Tríú Mol” ar an réigiún seo go minic toisc go bhfuil níos mó oighir agus sneachta ann ná áit ar bith eile lasmuigh den Mhol Thuaidh agus den Mhol Theas. Ach tá an t-oighear seo ag leá ar luas aisteach agus contúirteach le blianta beaga anuas.
Is é an t-ardú ar theocht an domhain an phríomhchúis atá leis an gcontúirt seo. Nuair a leánn na hoighearshruthanna sna sléibhte, cruthaítear lochanna móra oighearacha faoi na hoighearshruthanna. Mura mbíonn na cnocáin a choinnionn an t-uisce seo láidir go leor briseann siad agus scaoiltear tuilte millteacha síos sna gleannta thíos fúthu. Scriosann na tuilte seo sráidbhailte, droichid, agus feirmeacha agus cailltear saol daoine go tobann.
Seo díreach an cineál tubaiste a tharla Dé Céadaoin an 26 Lúnasa 2026 i gceantar in aice leis an teorainn idir an Tibéid i nDaon-Phoblacht na Síne agus an Neipeal, nuair a bádh gleann faoin oighearshruth. Tá breis agus 1,400 básaithe agus thart ar 6,600 ar iarraidh augs is beag dóchas go dtiocfaidh siad slán. Scriosadh sráidbhailte, bóithre, droichid agus bonneagar áitiúil sa cheantar seo.
Seachas an tubaiste áirithe seo, tá bagairt eile níos fadtéarmaí ann don chine daonna. Soláthraíonn oighearshruthanna na Himiléithe uisce do mhóraibhneacha na hÁise, lena n-áirítear an Ghainséis, an Iondúis agus an Iaing-tsí. Tá níos mó ná billiún duine ag brath ar an uisce seo le haghaidh óil, curadóireachta agus giniúint leictreachais. Má leánn na hoighearrshruthanna seo ar fad, beidh easpa uisce tromchúiseach ann amach anseo agus d’fhéadfadh gorta agus cogaíocht a bheith sna tíortha mórthimpeall.
Ní bhaineann an tragóid seo leis an Áise amháin. Is fadhb dhomhanda í. Mura laghdófar astaíochtaí carbóin agus mura ndéantar bearta prainneacha chun dul i ngleic leis an mórfhadhb seo chun an téamh domhanda a chosc nó a mhaolú, eascróidh iarmhairtí tubaisteacha as do mhuintir an domhain.
Ceisteanna buntuisceana
- Cén fáth a dtugtar “an Tríú Mol” ar réigiún na Himiléithe?
- Conas a chruthaítear tuilte millteacha nuair a leánn na hoighearshruthanna?
- Cathain agus cén áit ar tharla an tragóid le déanaí nuair a scaoil an t-oighearshruth tuile uisce tubaisteach?
- Ainmnigh dhá mhórabhainn a fhaigheann uisce ó oighearshruthanna na Himiléithe.
- Bunaithe ar an sliocht thuas, cén bagairt fhadtéarmach a bheidh ann do dhaoine má leánn na hoighearshruthanna go hiomlán?