Agus an crosfhocal seo á dhéanamh agat, bain úsáid as Focloir.ie, Teanglann.ie agus Tearma.ie. Cabhróidh siad leat na leideanna a fhuascailt.

Trasna

1.  Titeann siad ó na crainn san fhómhar (9)
5. Tá an suíomh agus aip seo an-úsáideach agus an crosfhocal seo á dhéanamh (7,.,2)
10. Ádhúil (8)
12. Ainm Béarla dhia Lochlannach na toirní (8)
13. Bithiúnach (7)
15. Farraige (4)
17. Dian (4)
18. Bíonn freagraí de dhíth orthu (10)
19. An uile (4)
21. Tús litreacha páirtí phoblachtaigh uile-Éireann (2)
23. Sean (5)
25. Bíonn ort mótarcháin agus arachas a fháil ina leith (4)
27. Beirtear ar éisc san uirlis seo (7)
28. (11+12) × 2 × 2 = __________(5,1,2)
30. Ceanglaíonn tú do bhróga leo (8)
34. Clúdach déanta as stán a chuirtear ar fheoil nuair a chuirtear san oigheann í (8)
36. Éan Creiche (5)
38. Bhí drong daichead gadaí aige (3,4)
39. Duine atá as a mheabhair (5)
40. Nuar nach dtaitníonn duine leat bí cúramach nach dtugann tú droch___ dó (3)
41. Cnap beag bándearg ar chléibh an duine. Tá dhá chinn ann (4)
42 Tuiscint i leith rud a tharla (5)
43. Báid mhóra (5)
45. An t-iolra ar ‘an’ (2)
47. Do, an chéad phearsa iolra (5)
49. Scríbhneoir Rúiseach cáiliúil sa naoú haois déag, Nikolai Vasilyevich ______ (5)
50. Cnapanna ar an gcraiceann atá lán d’angadh (9)
52. Úinéireacht (6)
53. Áit i gContae Bhaile Átha Cliath a scrios na dúchrónaigh i Meán Fómhair 1920 (5, 6)

Síos

1.  Leatrom foréigeanach (10)
2. Is fearr na huibheacha úra ná na huibheacha ______ (4)
3. Feabhra, Máirt agus Aibreán (7)
4. Mothúchán láidir a bhaineann leis an gcroí (3)
6. Má tá Gaillimh san iarthar tá Cill Mhantáin san _______ (8)
7. Cluiche le bataí agus liathróid de chuid dhúchasaigh Mheiriceá thuaidh, i mBéarla (8)
8. Téigh nó cas timpeall (9)
9. Slad (8)
11. Cuan an-mhór, ________ Mheicsiceo cuir i gcás (9)
14. Ainm ceana Gaelach do Mhairéad (5)
16. Conair (4)
20. Saghas crainn (3,7)
22. Rud nach bhfuil gearr, tá sé _______ (4)
24. Nuair a d’fheicinn na leanaí ag troid _______ iad óna chéile (9)
26. Cuir an iomarca meáchain ar rud (11)
29. Ceannaire Cumannach na Síne a raibh leabhar beag dearg aige (3,6)
32. Mhol Críostóir Ó Mórdha ort gan dearmad a dhéanamh air agus tú ag dul ag obair (7)
33. Aibhneacha beaga (9)
35. Éirimiúil (6)
37. Cumann deonach a thugann cabhair do dhaoine atá bocht nó faoi bhrú (9)
44. Ball de dhrong Ali Baba (5)
46. Ainm Gaelach do chailíní (5)
48. Ainmhí atá cosúil le capall ach níos lú (4)
51. Balla (3)

Freagraí ar Crosfhocal #97

TRASNA: 1. Fírinne 4. Corraitheach 10. Aisteacha 11. Oiseoil 12. Amú 14. Tuadóireachta 16. Sail 18. Lé 19. Cith 20. Crú 21. Stadaigí 22. Ith 24. Casóg 25. Harley 28. Goltraí 30. Amárach 31. Ocrais 33. Tórramh 34. Cneasaigh 36. Ósta 38. Salach 39. Dath 41. Hamas 44. Asat 45. Íoc 46. Macha 49. Ramhar 51. Céachta 52. Allais 53. Bladhrach
SÍOS: 1. Feasta 2. Rosualt 3. Eachréidh 4. Ciara 5. Ríomhaire 6. Aostach 7. Teochta 8. Eolas. 9. Casúir 13. Mac tíre 15. Déagóir 17. Lúidín 21. Suaimhneas 23. Cléireach 26. Ríochtaí 27. Yeats 28. Gasta 29. Sceach 32. Smachtúil 35. Achta 37. Teamhair 39. Dallóg 40. Tar 42. Amach 43. Sorcha 47. Cearc 48. Alla 50. Réab
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.