An comhrá agus an rómáns i gcroílár shraith nua gheandála TG4

Craolfar sraith nua gheandála dar teideal Aperitíf ar TG4 an mhí seo, ina gcuirfear an comhrá, an greann agus an fíor-rómáns i lár an aonaigh. Cuirfear tús leis an tsraith, atá á léiriú ag Abú Media, Dé Céadaoin, an 23 Meán Fómhair ag 9.30 pm.

Is iad Mairéad Ní Chuaig agus Cúán de Búrca a chuirfidh an tsraith chomhaimseartha i láthair. I ngach clár, tabharfar deis do dhuine singil aithne a chur ar thriúr daoine éagsúla le linn dinnéar trí chúrsa. Beidh coinne nua acu don chúrsa tosaigh, don phríomhchúrsa agus don mhilseog, sula gcinnfidh siad ar mhaith leo bualadh le duine ar bith acu arís.

Ní bheidh aon drámaíocht scríofa ná casadh saorga i gceist. Ina áit sin, beidh an bhéim ar na daoine féin, ar a gcomhrá agus ar an gcaidreamh ar féidir leis teacht chun cinn nuair a shuíonn beirt strainséirí síos os comhair a chéile. Tabharfar léargas greannmhar agus macánta ar an míshuaimhneas, na sceitimíní agus an leochaileacht a bhaineann leis an gcéad choinne.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.