
Tháinig te reo Māori, nó teanga na Maorach, faoi bhrú nuair a thosaigh próiseas an choilíneachais in Aotearoa (“An Nua-Shéalainn”). Ach thosaigh an cúlú dáiríre i ndiaidh 1840í – cosúlacht aisteach le hÉirinn, is dócha.
Bhí formhór Aotearoa ag labhairt na Maoraise nuair a síníodh Te Tiriti o Waitangi (Conradh Waitangi) in 1840. Chreid na Maoraigh go gcosnófaí a gcearta, agus a dteanga agus cultúr. Ach, iontas na n-iontas, loic Coróin Shasana ar na gealltanais a tugadh.
Níos lú ná tríocha bliain i ndiaidh shíniú an chonartha déanadh rialú Wi Parata v Easpag Wellington (1877) a chaith spiorad Chonradh Waitangi i dtraipisí. Tháinig creimeadh ar neamhspleáchas na Maorach ina dhiaidh sin agus cruthaíodh an comhthéacs don asamhlú cultúrtha dian.
Ba é an t-oideachas príomhghléas an choilíneachais chultúrtha. Bhain scoileanna miseanacha leas as te reo Māori, ach b’éigean Béarla amháin a úsáid i ndiaidh Reacht Oideachais 1847. Threisigh dhá phíosa eile reachtaíochta, Acht na Scoileanna Bundúchasacha (1867) agus Cód na Scoileanna Bundúchasacha (1880), an cur faoi chois cultúrtha agus an ciníochas institiúideach.
Faoi thús an fhichiú haois bhí cosc ar te reo Māori a labhairt ar scoil, agus baineadh leas as pionós fisiciúil sa seomra ranga, rud a rinne dochar ollmhór síceolaíochta agus a chuir luas faoin iompú teanga.
In 1900, tháinig os cionn 90% de pháistí Maoracha isteach ar an scoil ina gcainteoirí dúchasacha. Faoi 1960, bhí an figiúr sin tite go 25%, agus faoi 1984 ní raibh ach thart ar 2% ann a bhí á dtógáil leis an teanga.
Mar fhreagra ar an gcúlú tubaisteach seo bunaíodh Kaupapa Māori, oideachas trí mheán theanga na Maorach. Bunaíodh Te Kōhanga Reo (neadacha Maoraise), macasamhail na naíonraí, agus Te Kura Kaupapa Māori, macasamhail na ngaelscoileanna. Tá ceart teanga áirithe bainte amach ag cainteoirí na Maoraise chun tacú leis na hiarrachtaí seo a tháinig ón mbun aníos.
Ach le déanaí tá comhghuaillíocht den eite dheis agus an eite dheis i bhfad amach, Páirtí Náisiúnta na Nua-Shéalainne, New Zealand First agus ACT New Zealand, tar éis reachtaíocht a bhrú tríd a dhéanann teanga oifigiúil den Bhéarla.
Níl anseo ach athdhearbhú ar an gcumhacht choilíneach. Tá an Béarla i gceannas sa stát cheana. Sna díospóireachtaí faoin reachtaíocht d’impigh na feisirí Maoracha ar lucht tacaíochta an achta áit amháin a lua ina raibh easpa seirbhísí i mBéarla le sonrú; dár ndóigh, ní fhéadfaidís.
Is cuid de phatrún domhanda é seo; tá stáit choilíneacha, i gCeanada, in SAM, san Astráil, in Iosrael, san Ind, agus in áiteanna eile, ag brú reachtaíocht chun teanga an choilínígh a léiriú arís eile fad is a fhanann teangacha na mbundúchasach imithe. Is cuid de chathanna cultúrtha na heite-deise i bhfad amach é an méid atá ag tarlú.
Fad is a chliseann ar an gcaipitleachas, tagann an eite dheis i bhfad amach i réim agus ar an bpointe boise díríonn siad a n-aird ar mhionlaigh agus teangacha mionlaigh.
Sa chaoi seo, cuireann siad an dallamullóg ar an mhórphobal faoin gcúis atá le formhór a gcuid fadhbanna – an éagothroime ollmhór a chruthaíonn lucht an rachmais, na billiúnaithe, agus a sclábhaithe i measc an aosa pholaitiúil.
Is staraí gairmiúil é Kerron Ó Luain a bhain a chéim dhochtúireachta amach ó Ollscoil na Banríona, Béal Feirste.