Suirbhé seolta do Phlean Gaeilge CLG Bhaile Átha Cliath

Tá CLG Bhaile Átha Cliath ag lorg thuairimí bhaill a chlubanna agus Plean Gaeilge nua á fhorbairt aige don tréimhse 2027–2030. Is é príomhchuspóir an phlean úsáid agus feiceálacht na Gaeilge a mhéadú ar fud na heagraíochta, ag cluichí, sna clubanna agus i bpobal CLG na príomhchathrach.

Tá suirbhé ar líne seolta ag an eagraíocht chun léargas níos fearr a fháil ar staid reatha na teanga agus ar na bearta a d’fhéadfaí a ghlacadh sna blianta amach romhainn. Táthar ag iarraidh ar bhaill na gclubanna cúpla nóiméad a chaitheamh á líonadh.

Tá an suirbhé ar fáil i nGaeilge agus i mBéarla, agus coinneofar gan ainm an t-eolas ar fad a bhaileofar. Tá sé le fáil ag https://forms.gle/KiFpon1ziTS2SKsN7.

Iarrtar ar rannpháirtithe measúnú a dhéanamh ar neart na Gaeilge ina gclub féin ó thaobh stádais, feiceálachta agus úsáide de. Cuirtear ceisteanna freisin faoi cé chomh tábhachtach is atá sé go gcuirfeadh CLG Bhaile Átha Cliath an teanga chun cinn agus ar cheart stádas níos lárnaí a bheith aici i bpobal CLG an chontae.

Fiafraítear de bhaill an dtacaíonn siad le Plean Gaeilge a chur i bhfeidhm. Bailítear eolas freisin faoi rannpháirtíocht na gclubanna i bhFondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha agus i Scór. Beidh deis ag freagróirí moltaí breise a thabhairt maidir leis na bealaí is fearr leis an nGaeilge a neartú.

Cabhróidh na torthaí le plean gníomhaíochta inmharthana agus éifeachtach a ullmhú, bunaithe ar riachtanais agus ar dhúshláin phobal CLG Bhaile Átha Cliath. Cuirfear torthaí an tsuirbhé i láthair ag fóram Dé Sathairn, an 12 Meán Fómhair. Is é téama an fhóraim “Dubs le Gaeilge – Cad is féidir linn a dhéanamh mar phobal CLG chun an Ghaeilge a chur chun cinn sa chontae?”

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.