Éire cróga in ainneoin bua na Calastáine in Wolverhampton

Bhain an Chalastáin bua 6-0 in éadan Chumann Sacair Gaeilge in Wolverhampton oíche Dé Sathairn, ach ní thugann an scór deiridh léargas iomlán ar an iarracht a rinne foireann na hÉireann ina gcéad chluiche idirnáisiúnta.

Bhí an cluiche stairiúil ar siúl sa Guardian Warehousing Arena in Willenhall. Imreoirí le Gaeilge ó gach cearn den tír a rinne ionadaíocht ar Éirinn, faoi bhratach Chumann Sacair Gaeilge.

Cuireadh na hÉireannaigh faoi bhrú mór ón tús agus an Chalastáin tapa agus contúirteach san ionsaí. Sheas cosaint na hÉireann go láidir sa chéad cheathrú, áfach, agus ag an gcéad sos uisce ní raibh ach cúl amháin idir na foirne.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.