Liam Ó Néill i 2024.
Grianghraf: ©INPHO/Bryan Keane

Tá duine de mhórphearsana Laoise agus duine de na ceannairí ba mhó tionchar i stair nua-aimseartha Chumann Lúthchleas Gael caillte againn le bás Liam Uí Néill. Fear a bhí ann a raibh fís, umhlaíocht agus dúthracht neamhchoitianta aige, agus beidh cuimhne air ní hamháin mar an 37ú hUachtarán ar CLG ach mar oide, mar fhear pobail agus mar laoch dílis don Ghaeilge.

Ba as Tromaire, Co. Laoise é Liam, áit ar chaith sé saol seirbhíse dá phobal. Ar feadh beagnach daichead bliain bhí sé ina phríomhoide ar Scoil Thromaire, ag leanúint lorg a athar. B’fhéidir gurb é an cinneadh ba thábhachtaí a rinne sé ná an scoil a athrú ina Ghaelscoil, fís a shábháil an scoil ó bheith dúnta agus a chinntigh go mairfeadh an Ghaeilge mar theanga bheo sa cheantar. Leanann an scoil ar aghaidh mar Ghaelscoil agus osclaíodh foirgneamh nua di in 2022 – séadchomhartha beo dá fhís agus dá cheannaireacht.

Bhí an Ghaeilge lárnach ina shaol i gcónaí. Bhí sé ina thacadóir láidir don teanga agus ghlac sé páirt ghníomhach san obair le Craobh Chonradh na Gaeilge Laoise a bhunú le déanaí. Bhí tionchar dearfach aige ar gach duine a bhuail leis agus bhí cáil air mar dhuine flaithiúil lena chuid ama agus lena chomhairle.

In CLG, is beag post nár líon sé. Mar Rúnaí CLG Laoise, chuidigh sé leis an gcontae fiacha móra a ghlanadh, Páirc Uí Mhórdha a athfhorbairt agus córas na gcluichí a nuachóiriú. Ina dhiaidh sin, toghadh é ina Chathaoirleach ar Chomhairle Laighean sular ceapadh é mar Uachtarán ar CLG ó 2012 go 2014. Ba é an chéad duine riamh a toghadh don phost gan freasúra – léiriú soiléir ar an meas a bhí ag an gcumann air, agus ar an muinín a bhí acu as.

Mar Uachtarán, threoraigh sé an cumann trí thréimhse athraithe. Cé gur spreagadh conspóid leis an gcinneadh cearta craolta cluichí a dhíol le Sky Sports, sheas sé leis an gcinneadh i gcónaí, a mhaíomh go raibh iomaíocht riachtanach agus gur chuidigh an beart le forbairt seirbhísí sruthaithe an chumainn do Ghaeil ar fud an domhain.

Níorbh iad na poist mhóra amháin a shainigh Liam Ó Néill. Chuir sé na buataisí air arís ina chaogaidí chun cabhrú lena chlub dúchais, Tromaire, nuair a bhí géarghá leis. Thaistil sé go hAlbain go minic chun tacú leis na cluichí comhrialacha iománaíocht agus camanachd, agus d’fhan sé gníomhach i réimsí éagsúla tar éis dó dul ar scor, lena n-áirítear Bord Bainistíochta Ghaelscoil Shlí Dhála agus Ionad Oideachais Laoise.

Ag tabhairt ómóis dó, dúradh gur “léirigh Liam an chuid ab fhearr atá le tairiscint ag Laois” agus gur “duine uasal ó dhúchas a bhí ann.” Moladh a fhís do CLG agus don oideachas, a chuid flaithiúlachta agus an tacaíocht a thug sé do dhaoine eile. Dúradh freisin gur “laoch láidir don Ghaeilge é” agus nach mbeidh “a leithéid ann arís.”

Fágann Liam Ó Néill oidhreacht a mhairfidh i bhfad ina dhiaidh – i bpáirceanna imeartha, i scoileanna, i bpobail agus i gcroíthe na ndaoine a spreag sé. Fágann sé ina dhiaidh a bhean chéile Áine, a mhac Ciarán agus a iníonacha Caoimhe agus Clíodhna.

Liam mo chara, aireoidh muid uainn thú!
Ar dheis Dé go raibh a anam uasal.

Cóilín Duffy

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.