Tá ómós á thabhairt ar fud na tíre d’iar-Uachtarán CLG, Liam Ó Néill, a fuair bás tar éis tréimhse ghearr tinnis. Bhí sé 70 bliain d’aois. Fágann sé oidhreacht mhór ina dhiaidh i saol na gcluichí Gaelacha, an oideachais agus chur chun cinn na Gaeilge.
Bhí Liam Ó Néill ar an 37ú hUachtarán ar Chumann Lúthchleas Gael idir 2012 agus 2015, tar éis dó blianta fada a chaitheamh ag freastal ar a chlub, a chontae agus a chúige. Le linn a uachtaránachta, bhí sé chun tosaigh ar roinnt athruithe suntasacha, ina measc úsáid an chórais Hawkeye agus tabhairt isteach an chárta dhuibh sa pheil. Mhol Uachtarán reatha CLG, Iarlaith Ó Broin, an méid a rinne sé don chumann, agus dúirt sé: “Ba iad a ghreann agus a eagna ba shaintréithe dá uachtaránacht.”
Bhí sé ina thacadóir láidir don Ghaeilge agus ba é a bhunaigh Gaelscoil Thromaire ina cheantar dúchais féin i gContae Laoise. Chaith sé beagnach 40 bliain mar phríomhoide ar an mbunscoil áitiúil, tar éis dó teacht i gcomharbas ar a athair sa phost. Le linn dó a bheith i gceannas ar an scoil, rinneadh Gaelscoil di, rud a shábháil í ó bheith dúnta. Tá sí fós ag feidhmiú mar Ghaelscoil agus bhog sí isteach i bhfoirgneamh nua in 2022.
Tar éis dó dul ar scor, d’fhan Liam Ó Néill gníomhach i dtionscadail oideachais agus pobail. Bhí sé ar Bhord Bainistíochta Ghaelscoil Shlí Dhála agus é páirteach in obair forbartha na scoile, agus bhí sé ina bhall freisin den Chraobh nua de Chonradh na Gaeilge i gContae Laoise.
Ag tabhairt ómóis dó, dúirt an Taoiseach Micheál Ó Máirtín: “Ba dhuine é Liam a raibh paisean as cuimse aige d’fhorbairt na gcluichí Gaelacha, dá phobal agus do Chontae Laoise. D’fhág sé lorg buan ar spórt na hÉireann.”
Dúirt Iarlaith Ó Broin freisin gur fhág Liam Ó Néill lorg buan ar an gcumann agus ar an nGaeilge. “Chomhlánaigh a ghrá don oideachas, go háirithe tríd an nGaeilge i dTromaire, an paisean a bhí aige dár gcluichí agus dár gcultúr, agus bhí a chion féin den obair ar son CLG thar a bheith suntasach,” a dúirt sé.
D’eisigh Uachtarán Chumann Peile na mBan, Trina Murray, ráiteas comhbhróin freisin. Dúirt sí: “Le brón mór a d’fhoghlaim Cumann Peile na mBan faoi bhás Liam Uí Néill. Thar ceann gach duine sa chumann, gabhaim ár gcomhbhrón ó chroí lena bhean chéile Áine, lena iníonacha Caoimhe agus Clíodhna, lena mhac Ciarán, agus lena chlann agus lena chairde ag an am an-deacair seo.”
Thug Uachtarán an Chumainn Camógaíochta, Brian Molloy, ómós dó freisin. Dúirt sé: “Chaith Liam Ó Néill a shaol ag freastal ar chluichí Gaelacha. Mar Uachtarán CLG, chuir sé ceannaireacht den scoth ar fáil dár gcluichí, agus le blianta beaga anuas lean sé de bheith flaithiúil lena chuid ama agus lena eagna mar Iontaobhaí agus mar bhall den Ard-Chomhairle. Ba Ghael dílis é Liam a chreid go paiseanta i gcumhacht ár gcluichí pobail a neartú agus saol daoine a shaibhriú.”
Tá a bhean chéile, Áine, a iníonacha Caoimhe agus Clíodhna, a mhac Ciarán, agus a chlann agus a chairde faoi bhrón ag bás Liam Uí Néill. Fágfaidh sé oidhreacht bhuan i saol na Gaeilge, an oideachais agus na gcluichí Gaelacha.
Tar éis créamadh príobháideach ar an 5 Lúnasa, cuirfear luaithreach Liam i dTeach Sochraide Burke, Maighean Rátha, Co. Laoise, Dé hAoine an 7 Lúnasa ó 4 – 8 pm. Beidh aifreann na sorchaide ag meán lae Dé Sathairn, an 8 Lúnasa, in Eaglais Naomh Fintan, An Ráithín, Co. Laoise agus ina dhiaidh sin cuirfear a luaithreach sa reilig in aice láimhe.
Beidh Aifreann na Sorchaide Liam á shruthú beo ar: https://m.youtube.com/@GoLiveStream-mc2bo