Dáithí Mac Gabhann amuigh ón otharlann i ndiaidh trasphlandú croí

Dáithí Mac Gabhann

Fuair Dáithí Mac Gabhann croí úr i ndiaidh dó fanacht 8 mbliana ar an liosta trasphlandaithe. 

Thug foireann na hotharlainne bualadh bos don leaid óg agus é ag imeacht ó Otharlann Freeman in Newcastle, Sasana. 

Rugadh Dáithí in 2016 le siondróm hipeapláiseach croí clé, a chiallaíonn nár fhorbair an taobh clé dá chroí mar is ceart.

Dúirt teaghlach Dháithí ar na meáin shóisialta gur imigh Dáithí ó Bharda 23 leis an bhronntanas is fearr riamh — is é sin bronntanas saoil, agus bronntanas croí úir.

In ainneoin a aoise, tá an oiread sin bainte amach ag Dáithí. Bhí Dáithí agus a theaghlach ag feachtasaíocht ar feadh na mblianta chun na rialacha maidir le deonú orgán a athrú. Tháinig Dlí Dháithí i bhfeidhm ó Mheitheamh 2023, a chiallaíonn go bhfuil polasaí rogha an diúltaithe i bhfeidhm in áit polasaí ina roghnaíonn daoine a bheith páirteach ann.

Ar a bharr sin, fuair Dáithí saoirse na cathrach i mBéal Feirste i Meitheamh 2023, chun aitheantas a thabhairt dó as an fheachtas agus an tionchar a imríonn siad ar phobail na Sé Chontae.

Tá an-bhaint ag teaghlach Mhic Gabhann le pobal na Gaeilge fosta. Agus an tOireachtas ar siúl i mBéal Feirste anuraidh, bronnadh gradam speisialta an Oireachtais ar an teaghlach agus ar Dháithí mar gheall ar an éacht a bhain siad amach leis an fheachtas.

Bhuaigh an feachtas #IsDeontóirMé, gradam le haghaidh Fheachtas Meán Sóisialta na Bliana in 2020, ach ní raibh siad ann de bharr Covid-19.

Dúirt athair Dháithí, Máirtín, go bhfuil dóchas air gur tús aistear dochreidte é seo dá mhac. Dúirt sé fosta go raibh rud amháin soiléir nuair a tháinig sé ar ais ón trasphlandú, agus ba é sin go raibh dath ar a bheola agus teocht i mbarr a bhall coirp. 

Fanfaidh Dáithí in Newcastle go ceann trí seachtaine eile sula dtiocfaidh sé abhaile. 

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.