Agus an crosfhocal seo á dhéanamh agat, bain úsáid as Focloir.ie, Teanglann.ie agus Tearma.ie. Cabhróidh siad leat na leideanna a fhuascailt.

Trasna

1.  Dúshlán ina gcuirtear a lán píosaí le chéile chun pictiúr a nochtadh(8,6)
5. Tír bheag i lár na hEorpa: an ? (6)
8. Troideann daoine chun é seo a fháil dá dtíortha (7)
9. Na ceantair cónaithe ar imeall na cathracha (13)
11. Bás (3)
12. An phríomhshráid i gcathair Bhaile Átha Cliath (5,2,8)
15. Cosán laistigh d’fhoirgneamh ina mbíonn seomraí ar gach taobh de (7)
17. Bíonn 32 díobh i do bhéal, ar dtús ar a laghad (6)
18. Coimeádán a úsáidtear chun deochanna a dháileadh as (6)
20.Gníomhaireacht faisnéise na Stát Aontaithe (3)
22. Is féidir leis seo a bheith ina iasc nó ina chrann: bradán ? / crann ? (6)
23. Crann dúchasach de chuid na hÉireann: creideadh gur chrann na haithne é (4)
25. Turas go teach do chara chun ‘móra duit’ a rá [ginideach] (7)
26. bá nó adhmad nó rudaí eile atá fágtha san fharraige (4)
28. Chéad ainm Uí Dhireáin agus Uí Chadhain (7)
32. Chuir sé i gcoinne an bhalla: chuir sé ar ? é (4)
33. Bogadh ó thír amháin isteach i dtír eile (6)
34. Mothaíonn tú é seo tar éis droch-rud a dhéanamh, más duine ionraic tú (5)
35. Ceann de cheannairí na nÉireannach Aontaithe in 1798: Wolfe ? (4)
36. Bunóc nó girseach óg shoineanta (3)
38. Ólachán agus droch-iompar (8)
41. Bád nó long (9)
42. An t-éadach a chuireann tú idir tusa agus an phluid agus tú sa leaba (8)
43. Áit ina bhfuil a lán darach nó seiceamar, srl, bíonn sé mar seo (9)
45. An t-iasc agus príomhcharachtar i scannán de chuid Disney ó 2003 (4)
46. Dhá fhocal a chuirtear roimh d’ainm agus litir á scríobh agat (2,4)
47. Tá Cill Mhantáin ar an taobh ? d’Éirinn (5)

Síos

1.  Dán de chuid Phádraig Mhic Phiarais: ?, Sinne mé ná an Chailleach Bhéarra (4,4)
2. Athraigh uisce go hoighear (6)
3. Astralaí agus fáidh Francach ón 16ú haois (11)
4. Dlí [gin] (7)
6. Nuair a thagann biseach ar dhuine deirtear leis, tá tú air seo arís (8)
7. Na cnaipí beaga ar do lámh ag bun do mhéara (4)
9. Cuireann tú rudaí anseo nuair atá tú críochnaithe leo: Bosca ? (8)
10. Nuair atá duine ag iarraidh rud a mhíniú, úsáideann sé é seo chun sin a dhéanamh (10)
13. Cén am a bhfaca tú é: ? a chuaigh sé isteach sa teach (5)
14. Foirgnimh mhóra ar feirmeacha ina gcuirtear tuí nó rudaí eile (8)
16. Scarann sé cathair Baile Átha Claith ina dá leath: An ? (4)
19. Bhí áthas air, é ag gáire agus ag léim: am ? dó a bhí ann (13)
20. Bean óg (6)
21. Cruatan (4)
24. Baill bheaga dhonna ar chraiceann duine (10)
27. Cáineadh ar dhuine as rud a rinne sé (7)
29. Bíonn an lá sa mheánscoil agus san ollscoil lán dóibh (8)
30. Tá a haon lúide a haon cothrom leis seo (4)
31. Fearas [iolra] (9)
37. Scaird (6)
39. Ainm dúchasach stairiúil den Ghréig (6)
40. Aird (6)
42. An mála ina mbíonn do bhia tar éis é a bheith ithe agat (4)
44. Giota (3)

Freagraí ar Crosfhocal #92

TRASNA: 1. Buidéal 3. Comharsana 11. Iontas 13. Tuata 14. Sceabhach 15. Neacht 16. Eolas 17. Oidhre 19. Trá 20, Naisc 21. Bomaite 23. I Measc 25. Uatha 26. Las 28. Leathbhreac 31. Harlem 32. Carló 33. Brí 35. Gar 37. Seasc 38. Obama 39. Uisciú 43. hEithir 44. Nócha a naoi 45. Réics 46. Rachaimid 47. Mala
SÍOS: 1. Brionglóid 2. Ionsaithe 4. Oide 5. Hubble 6. Rabairne 7. Aitheantas 8. Asarlaithe 9. Craosach 10. Justin Beiber 12. Athrá 18. Hamburg 22. Iarann 24. Starógach 25. Uachtar 27. Go mba é duit 28. Lorga 29. Broc 30. Achomharc 33. Bruar 34. Íosánach 36. Fiachas 40. Karma 41. Bosca 43. Idir
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.