
Tá tionscnamh Café Lates le filleadh ar Chathair na Gaillimhe an mhí seo agus cúig shiopa caifé ag cur lena n-uaireanta oscailte tráthnóna chun réimse imeachtaí cultúrtha agus cruthaitheacha a chur ar fáil.
Beidh Plámás ar Shráid Dhoiminic, 56 Central ar Shráid na Siopaí, Fairhill Café ar Shráid an Gheata Bhig, Little Lane Coffee Company ar Ché Bonham agus Limited Coffee Co. ar Bharr an Chalaidh páirteach sa tionscnamh.
Beidh ceardlanna, oícheanta DJ, imeachtaí don fhocal labhartha agus eispéiris chruthaitheacha eile ar siúl sna caiféanna ar thráthnónta Déardaoin. Reáchtálfar cuid de na himeachtaí go seachtainiúil agus cuid eile go míosúil.
Is cuid de #GalwaybyNight é Café Lates agus leanfaidh an clár go dtí mí na Nollag. Tá sé mar aidhm aige cultúr caiféanna tráthnóna na Gaillimhe a neartú agus lár na cathrach a dhéanamh níos fáiltí agus níos gníomhaí tar éis a 6 san iarnóin.
D’eascair an tionscnamh as comhairliúcháin phoiblí faoi gheilleagar oíche na cathrach, inar léiríodh éileamh ar níos mó roghanna sóisialta agus cultúrtha nach bhfuil dírithe ar alcól.
Dar le Comhairle Cathrach na Gaillimhe, tabharfaidh na himeachtaí ardán don chruthaitheacht áitiúil agus spreagfaidh siad daoine chun níos mó ama a chaitheamh i lár na cathrach. Táthar ag súil freisin go rachaidh an tionscnamh chun tairbhe do ghnólachtaí fáilteachais agus miondíola.
Tá Café Lates á mhaoiniú ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe agus ag an Roinn Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt.