Agus an crosfhocal seo á dhéanamh agat, bain úsáid as Focloir.ie, Teanglann.ie agus Tearma.ie. Cabhróidh siad leat na leideanna a fhuascailt.

Trasna

1.  Coimeádán déanta as gloine (7)
3. Na daoine béal dorais duit (10)
11. Nuair a tharlaíonn rud nach raibh tú ag súil leis bíonn seo ort (6)
13. Daoine nach sagairt ná mná rialta iad (5)
14. Rud nach bhfuil díreach is féidir go bhfuil sé mar seo (9)
15. Deirfiúr do nia (6)
16. Faisnéis (5)
17. An duine a bhfágann tú do mhaoin leis nuair a théann tú ar shlí na fírinne (6)
19. Fágadh iad gan pingin rua: fágadh ar an ? fholamh iad (3)
20, Feidhmíonn slabhra trí na ? idir na lúba (5)
21. Nóiméad (7)
23. Mar chuid de (1,5)
25. An cás sa ghramadach a dhéanann tagairt do dhuine nó rud amháin (5)
26. An rud a dhéanann tú le tine (3)
28. Duine atá an-chosúil leat: is é do ? é (11)
31. Ceantar i Nua Eabhrac ina bhfuil pobal mór de dhaoine gorma ina gcónaí ann (6)
32. Sloinne an bhleachtaire cháiliúil a chruthaigh an scríbhneoir Cathal Sander sna 1940í (5)
33. Mar sin: dá ? sin, ach gan séimhiú (3)
35. Cóngarach (3)
37. Aimrid nó tirim (5)
38. Sloinne an chéad Uachtaráin den phobal gorm sna Stáit Aontaithe (5)
39. In aimsir thirim bíonn ort na bláthanna a ? (6)
42. Scríobh Breandán Ó ? an leabhar ‘Lig Sinn i gCathú (7)
44. An t-uachtar reoite is coitianta (5,1,4)
45. Chéad ainm an bhleachtaire cháiliúil a chruthaigh an scríbhneoir Cathal Sander sna 1940í (5)
46. Ní rabhamar ann fós ach ? amárach (9)
47. An líne de ghruaig os cionn do shúile (4)

Síos

1.  An scéal a insíonn d’fhochoinsias duit agus tú i do chodladh (10)
2. Foghanna (9)
4. Múinteoir (4)
5. Réadlann de chuid NASA atá ar fithis timpeall an domhain, ainmnithe as Edwin ? (6)
6. Caifeachas nó diomailt (8)
7. Nuair a dhéanann duine obair mhaith, ba chóir é seo a thabhairt dó/di (10)
8. Daoine atá in ann draíocht a dhéanamh, mar dhea (10)
9. Béaloscailte (8)
10. Réalta popcheoil ó Cheanada (6,6)
12. An rud céanna á insint nó á labhairt arís agus arís ag duine (5)
18. An dara cathair is mó sa Ghearmáin (7)
22. Miotal crua (6)
24. Duine a mbíonn fonn air scéilíní a insint: is duine ? é (9)
25. Nuair atá sé reoite bíonn sé go hálainn (7)
27. Freagra is féidir a thabhairt nuair a ghuíonn duine rath nó sult ort (2,3,1,4)
28. An chuid tosaigh den chos idir an ghlúin agus an rúitín (5)
29. Ainmhí fiáin dubh agus bán de chuid na hÉireann (4)
30. Nuair a fhaightear ciontach sa chúirt thú, is féidir é seo a iarraidh i gcúirt níos airde (9)
33. Agus cáca nó borróg á hithe agat bí cúramach nach bhfágann tú é seo i do dhiaidh (5)
34. Sagart de chuid Ignatius Loyola (8)
36. Dliteanas maidir le hairgead atá ort a íoc (7)
40. Creideamh: Bíonn toradh maith ar ghníomh maith agus drochthoradh ar dhrochghníomh
(5)
41. Coimeádán déanta as cairtchlár nó stán (5)
43. Ceann de na focail i leid 28. Síos, ach cé acu? (4)

Freagraí ar Crosfhocal #91

TRASNA: 8. Ceap Tuisle 10. Giorraisc 12. Airím 13. Deismíneacht 14. Geallfaimid 16. Comhréir 19.
Leac 22. Bolscaire 26. BSL 28. Drogall 29. Biseach 30. Bí 31. Crón 32.Gléas 34. Fiat 36. Nia
37. Henna 38. Heineken 39. Thar 40. Mise 42. Pluc 43. Éindí 47. Conradh 48. Clú 49. Slachtaigh 50. Stair
SÍOS: 1. Saorga 2. Misneach 3. Bladhm 4. Ainm 5. Brón 6. Malairte 7. Scútar 8. Ceangal 9. Tamall 11. Siúd 15. Inoibrithe 17. Muince 18. Inis Bó Finne 20. Eadraibh 21. Cloigtheach 23. Sasanaigh 24. Cad é an scéal 25. Glas Naíon 27. Lín 33. Cleamhnas 35. Fearacht 41. Scata 42. Púca 44. Íota 45. Bhur 46. Lig
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.