Ceapadh Joe Mag Raollaigh ina Eagarthóir Bainistíochta nua ar Nuacht RTÉ, agus cuirfidh sé tús leis an ról i mí Lúnasa. Beidh sé freagrach as ceannaireacht eagarthóireachta agus bhainistíochta ar sheirbhísí nuachta Gaeilge RTÉ, lena n-áirítear Nuacht TG4, aschur teilifíse Nuacht RTÉ agus ábhar nuachta digiteach Gaeilge ar ardáin na heagraíochta.
Oibríonn Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ i gcomhpháirtíocht le TG4 chun Nuacht TG4 agus 7 Lá a léiriú mar chuid den tseirbhís nuachta agus cúrsaí reatha ilardáin a chuirtear ar fáil don phobal.
Tá breis agus 30 bliain de thaithí ag Joe Mag Raollaigh le RTÉ. Thosaigh sé mar thuairisceoir teilifíse do TG4 nuair a bunaíodh an stáisiún in 1996, agus ceapadh ina Chomhfhreagraí Polaitíochta do TG4 agus Nuacht RTÉ é in 2004. Faoi láthair is é Eagarthóir Chlúdach Polaitíochta RTÉ é, agus bhí sé ina Chomhfhreagraí Talmhaíochta agus Gnóthaí Tomhaltóirí roimhe seo. Tá eagarthóireacht déanta aige ar chláir ar nós The Week in Politics, Leaders Questions agus European Parliament Report.