Agus an crosfhocal seo á dhéanamh agat, bain úsáid as Focloir.ie, Teanglann.ie agus Tearma.ie. Cabhróidh siad leat na leideanna a fhuascailt.

Trasna

3.  Is leosan na tithe sin: is iadsan ? na dtithe sin (7)
10. Líon mór (5)
11. Nuair a thiteann siad ó na crainn, bíonn an geimhreadh ag teacht (9)
12. Foinse solais shoghluaiste (8)
13. Carraig bheag (5)
14. Saghas foclóra ina gcuirtear focail chomhchiallacha le chéile (10)
16. Piléir nó saigheada (7)
17. An briathar a bhaineann le leannáin agus cúrsaí seirce (6)
18. Searmanas ina ndoirteann an sagart uisce ar cheann an duine (6)
20. Léim (ainmfhocal) (5)
23. Cosán nó bóthar a bhfuil díon air agus siopaí ar gach taobh de (6)
25. Gaeilge Chonnacht, na Mumhan agus Uladh (8)
28. Tá an Muileann gCearr sa chontae seo. An ? (6)
31. Teideal a thugtar do shagart nó seanmóirí: an t? (8)
33. Níos mó ná bean amháin (3)
34. Nuair nach raibh aon dinnéar agat bíonn pianta an ? ort (7)
36. Bí an-chúramach leis an bpléascán seo (3)
37. Nuair a chloiseann tú scéal suimiúil bíonn tú ag iarraidh na ? go léir a chloisteáil (6)
39. Rud nó cúinsí nach bhfuil buan, tá siad ? (9)
40.Leaba thuí d’ainmhithe (6)
42. Cathair sa Spáinn, san Andalúis chun bheith beacht (7)
43. Urláir i dteach atá suite faoi leibhéal na talún (7)
44. Nuair atá balla lag bíonn ort é seo a chur leis chun é a choimeád suas (4)

Síos

1. Suíochán don mharcach ar chapall (8)
2. Brú a chuirtear ar thír atá ag déanamh ionsaí ar thír nó tíortha eile (12)
3. Tá ceann áitiúil i bhfeighil cúrsaí polaitiúla i ngach contae (6)
4. Fás glas; is féidir léi do lámha a dhó, fiú sa tuiseal ginideach (9)
5. Duine atá mar chuid de scata atá ag iarraidh rud a dhéanamh (11)
6. Conairí uisce (10)
7. Rud a bhfuil bailchríoch air, tá sé mar seo (10)
8. Saighdiúir agus Príomh-aire na Seapáine a cuireadh chun báis in 1948: Hideki ? (4)
9. Vác vác a deir na héin seo (7)
11. Tamall nó seal (5)
15. Cosán nó bóthar ardaithe atá tógtha trasna an phortaigh (6)
19. Cneácha ar an gcorp cosúil leis na cneácha a bhí ar Íosa Críost tar éis a chéasta (9)
21. Liosta ag deireadh leabhair ina bhfuil míniúcháin ar an téacs tugtha (11)
22. D’eitil an Gréagach seo ró-ghar don ghrian (6)
24. Nuair nach bhfuil na billí íoctha agat bíonn iad seo ag méadú (9)
26. Agus tú ag féachaint ar an gcluiche ar an teilifís bíonn tú ag éisteacht leis an duine seo
(10)
27. Na tuairimí a bhíonn i d’intinn (8)
29. Galar ina gcoimeádtar an iomarca leachta sa chorp, bíonn an corp ag at mar thoradh air
(7)
30. Níl sé anseo, tá sé ? abhaile (6)
32. Clann ríoga na Rúise a dúnmharaíodh ar an 17 Iúil 1918 (7)
35. Má tá ocras oraibh ? an bia seo (6)
38. An chnámh mhór atá ar aghaidh na coise íochtaraí (5)
39. Sceall (4)
41. Tiománaí carbaid nó focal eile ar d’uisinn (3)

Freagraí ar Crosfhocal #87

TRASNA: 1. An Corn Domhanda 11. Nordach 12. Carabineiri 13. Sceallóga 14. Toll 15. Cú 16. Nialais
17. Seilf 18. Droch 19. An 20. Neimhe (gin) 22. Iarr 23. Scraiste 24. Iniata 26. Garbh 28.
Oileáin 29. Araon 32. Racánaí 34. Feallmharú 35. Suntas 37.In aice 38. Leacht 40. Púicíní
41. Baint 42. Glothar 43. Glúine
SÍOS: 2. Na Ceithre Cúirteanna 3. Osréalachas 4. Nobel 5. Oinniún 6. Haemaifilia 7. Náisiúin 8. An
Meánoirthear 9. Brollach 10. Scigaithris 15. Ceantar 21. Eidhneán 25. Imigéin 26. Gnólachta
(gin) 27. Bliantúil 30. Gnúsacht 31. Líonta 33. Aisling 36. Tuí 39. Astú
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.