Agus an crosfhocal seo á dhéanamh agat, bain úsáid as Focloir.ie, Teanglann.ie agus Tearma.ie. Cabhróidh siad leat na leideanna a fhuascailt.

Trasna
4. An eagla a bhíonn ar roinnt daoine i leith spásanna oscailte (9)
8. Ó agus Ní, Mac agus ? (3)
10. An lon dubh baineann (9)
12. Bí: an chéad phearsa uatha modh coinníollach (6)
13. Teip nó dul in olcas (7)
15, Tionscnamh (5)
16. Béal oscailte [gin] (5)
17. Siúnta miotail ar dhoras nó fuinneog: ní féidir iad a oscailt gan é (6)
19. Brú a chur ar rud ionas nach bhfuil fágtha de ach deannach (5)
20. ? Choinn agus ? Mhogha: deighilt stairiúil in Éirinn fadó (5)
21. Bhí ? sibhialta á lorg ag Martin Luther King don phobal gorm (5)
22. Dath éadaigh a athrú go dearg (9)
25. Scéalta reatha (6)
27. Déanfaidh mé anois é ? go mbeidh sé déanta agam (5)
28. Chanel nó Yves Saint Laurent cuir i gcás (7)
29. Brollach (4)
31.Téad; go mórmhór ceann a úsáideadh chun duine a chrochadh (3)
33. Cosúil le: ar ? (3)
35. Dream: ?dána cuir i gcás (3)
37. Duine atá fós beo ina nóchaidí, is féidir a rá go bhfuil sé mar seo (7)
38. Príomhchathair na Siombáibe
39. Sú neamhchoipthe déanta as fíonchaora, craiceann agus síolta fós ann (7)
43. An dara pearsa iolra de ‘tú’ (4)
44. Chomh luath le ? (7)
45. Bíonn aghaidh duine mar seo i ndiaidh aclaíochta (9)
47. Gléas le haghaidh cianoibre: ríomhaire ? (5)
48. Cuid de pháirc pheile: an ? deas (8)
49. Cluiche a imrítear le raicéid (9)
Síos
1. Both béaloscailte; áisiúil nuair atá sé ag cur báistí nó nuair atá sé ro-the amuigh (8)
2. Fáil réidh le dlí a bhí ann cheana (9)
3. Rud atá lán de leacht, ola nó sú, is féidir a rá go bhfuil sé mar seo (6)
4. Is deas é ? ar an taobh eile ... (3)
5. ? é duit dá mbeadh an t-airgead agam (10)
6. An creideamh nach bhfuil ach Dia amháin ann (10)
7. Tá sí tar éis teacht in ? mar bhean óg chliste (5)
8. Pobal féinrialaitheach ar chosta thiar na hAfraice atá faoi réimeas na Spáinne (2,8,10)
9. An duine a bhaineann an bainne ón mbó (9)
11. Uachtarán na Stát Aontaithe le linn a gcogaidh cathartha (7,7)
14. Cumas a bheith agat nó na rudaí a bheith agat chun rud a dhéanamh (8)
18. An duine atá ag bogadh thart gan fáth ar bith bíonn sé ar ? (8)
23. Nuair nach bhfuil tú cinnte faoi rud, bíonn ? ort maidir leis (6)
24. Neamhshocair, ar do chosa, cuir i gcás (7)
26. Uirlis (4)
30. ? na dtonnta, dul siar dul siar (6)
31. Ceann amháin de na bataí miotail a théann ón lár go dtí an imeall i roth (2)
32. ? na leanaí na pictiúir fholmha sa leabhar (9)
34. Sloinne Gaeilge, údar an tsaothair ‘Translations’: Brian (1,7)
36. Ag an gcóisir amárach, ? na deochanna trí shoip (8)
40. Glan agus gan smál (3)
41. Séipéal beag (4)
42. Easpa bia (5)
43. An 18ú litir den aibítir Ghréagach (litriú Béarla) (5)
46. Dúnann sé an doras: ? sé an doras (4)
Freagraí ar Crosfhocal #89
TRASNA: 3. Úinéirí 10. Iomad 11. Duilleoga 12. Lóchrann 13. Cloch 14. Stórchiste 16. Armlóin 17.
Gráigh 18. Baiste 20. Abhóg 23. Stuara 25. Canúintí 28. Iarmhí 31. Urramach 33. Mná 34.
Ocrais 36. TNT 37. Sonraí 39. Sealadach 40. Easair 42. Seville 43. Íoslach 44. Taca
SÍOS: 1. Diallait 2. Smachtbhanna 3. Údarás 4. Neantóige 5. Rannpháirtí 6. Aibhneacha 7.
Slachtmhar 8. Tojo 9. Lachain 11.Dreas 15. Tóchar 19. Stiogmata 21. Gluais 22. Icarus 24.
Riaráistí 26. Tráchtaire 27. Smaointe 29. Íorpais 30. Imithe 32. Romanov 35. Ithigí 38. Lorga
39. Slis 41. Ara