Agus an crosfhocal seo á dhéanamh agat, bain úsáid as Focloir.ie, Teanglann.ie agus Tearma.ie. Cabhróidh siad leat na leideanna a fhuascailt.

Trasna

1.  Iompar atá an-chosúil le hiompar leanaí (12)	
6. Ainmhí a bhfuil a chorp i dtrí chuid agus a bhfuil sé chos aige (6)
9. Duine nach gceileann aon rud, is duine mar seo é (11)
11. Sos nó codladh a thógtar san iarnóin luath sa Spáinn (6)
13. Nuair atá tú ar buile bí cúramach nach bhfuil _ _ _ le do bhéal (3)
14. Duine atá ag bogadh san uisce as a stuaim féin (8)
16. Is cuma liom: ní _ _ _ _ _ liom (5)
18. Cónasc agus réamhfhocal a bhfuil an brí ‘roimh’ leis (4)
20. Nuair nach mbaineann sé leat ná cuir do _ _ _ _ _ sa scéal (5)
21. Tumtha in uisce: ar _ _ _ _ (4)
22. Bíonn seo de dhíth nuair a bhíonn tuirse ort (7)
23. Eagla a chur ar duine, duine a _ _ _ _ _ _ (6)
25 Leictreachas ar dhromchla ruda, leictreachas _ _ _ _ _ _ _ (7)
27. Meadhrán (5)
28. Cantalach (6)
30. Um, an tríú pearsa, baininscneach (5)
31. Dochar
32. Litriú canúnach den fhocal ‘Iomad’, beagnach mar an gcéanna (5)
35. Nuair nach dtugann tú an freagra cuí, tú mar seo (8)
37. An rud céanna arís, timpiste nó toradh (6)
38. Duine atá éasca a mhaslú, is féidir a rá go bhfuil _ _ _ _ _ _ _ _ _ _ _ ag baint leis (11)
39. Abhainn an-bheag nó scian géar (5)
41. Mórchúis (10)
44. Rud atá éasca a thuiscint nó a fheiceáil, tá _ _ _ _ _ ag baint leis (5)
47. Freastalaíonn na daltai air seo agus iad ag foghlaim (4)
48. Conair thurasóireachta idir Cionn Mhálanna agus Cionn tSáile, Slí... (2,10,6)

Síos

2.  Gníomhaireacht (10)		
3. Diongbháilteacht (10)
4. Fáinne geal an _ _ _ (3)
5. Rud gan mhaith (7)
6. Ainmhí álainn de ghéineas 6 trasna a bhíonn ag eitilt sa ghairdín (9)
7. An log atá ar chúl do ghlúine (7)
8. Tar éis a lán uisce beatha a ól bheifeá mar seo, ar _ _ _ _ _ _ _ _ _ _ _ _ (12)
10. Daidí agus Mamaí (13)
12. Casta agus íogair (10)
15. Dath gruaige a cheaptar baint ar leith a bheith aige le hÉireannaigh (3)
17. Iasc a mbíonn 14 trasna faiteach faoi (5)
19. Fabhtach (8)
23. Rud a chuireann eagla ollmhór ort is rud _ _ _ _ _ _ _ _ é (8)
24. Craiceann na bó roimh aon leasú a bheith déanta air (9)
25. Ciallmhar (5)
26. Grá agus cion [gin.] (8)
29. Ainmneach, cuspóireach nó gairmeach (7)
33. Leanbh fireann (3)
34. Foilseachán Sasanach dóibh siúd a bhfuil suim acu sna daoine mór le rá (6)
36. Duine saibhir (5)
40. Bandia Gaelach a bhfuil nasc ar leith aici le Contae Luimnigh (4)
41. Leon sna sléibhte i Meiriceá thuaidh agus theas (4)
42. An t-aer ar féidir leat é a fheiceáil ag éirí as tine (4)
43. Tá ceithre cinn ag 41 síos (4)
45. Impí (4)
46. Saghas préacháin (3)

Freagraí ar Crosfhocal #86

TRASNA
1. Leadrán 5. Fáinleoga 10. Gluaiseacht 11. Taisme 12. Ár 13. Ar eagla na heagla 14. Osclóir 16. Tehran 17. Asail 18. Ionsaigh 22. Tiocóg 23. Ding 25. A Thiarcais 28. Brách 29. Caireo 31. Caiféin 32. Slíoc 33. Hess 34. Anann 36. Duáin 37. Tuilte 39. Altaigh 40. Mangaireacht
SÍOS
2. Eaglais na hÉireann 3. Druma 4. Nascaireacht 5. Feall 6. Nathair 7. Eitleán 8. Gairgeach 9. Breá 15. Loit 16. TEIG 19. Neart 20. Aclaíocht 21. Gaiscíocht 24. Scafánta 26. Inis Meáin 27. Biathaigh 30. Snaidhm 34. Arae 35. Snua 38. Eas
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.