
Is cosúil gur mheath tú nó gur thréig tú an greann.
Tá an sneachta go frasach fá bhéal na trá.
Do chúl buí daite is do bhéílín sámh.
Siúd chugaibh Máire Chinidh is í i ndiaidh an Éirne shnámh.
‘A mháithrín mhilis’ duirt Máire bhán,
Fá bhruach an chladaigh is fá bhéal na trá.
‘Maighdean mhara mo mháithrín ard’.
Siúd chugaibh Máire Chinidh is í i ndiaidh an Éirne shnámh.
Tá mise tuirseach agus beidh go lá.
Mo Mháire bhruinneall is mo Phádraig bán.
Ar bharr na dtonnta is fá bhéal na trá.
Siúd chugaibh Máire Chinidh is í i ndiaidh an Éirne shnámh.
Tá an oíche seo dorcha is tá an ghaoth i ndroch aird.
Tá an tseisreach ‘na seasamh is na spéarthaí go hard.
Ach ar bharr na dtonnta is fá bhéal na trá.
Siúd chugaibh Máire Chinidh is í i ndiaidh an Éirne shnámh.