Réabhlóid Mheiriceá agus lorg na nGael á fhiosrú i gclár nua ar TG4

Beidh ról lárnach na nÉireannach i mbunú Stáit Aontaithe Mheiriceá faoi chaibidil i gclár faisnéise nua de chuid TG4, Réabhlóid Mheiriceá – Na Laochra Gael, a chraolfar ar an gcainéal ar an 1 Iúil ag 9.30 pm.

Tagann an tsraith ag am suntasach i stair Mheiriceá agus an domhain, agus 250 bliain á gcomóradh i mbliana ó síníodh Forógra Saoirse Mheiriceá i mí Iúil 1776. Sa chlár tugann an láithreoir Cormac Ó hEadhra léargas cuimsitheach ar na fir agus na mná as Éirinn a raibh tionchar acu ar thoradh na Réabhlóide agus ar bhunú na Stát Aontaithe.

Cé go bhfuil aithne mhaith ag daoine ar ainmneacha móra ar nós George Washington agus ceannairí míleata na Réabhlóide, is minic a dhéantar neamhaird ar na céadta Éireannach a ghlac páirt sa streachailt. Trí thaighde agus scéalaíocht stairiúil, nochtfaidh an tsraith cuid de na scéalta sin don lucht féachana.

Cormac Ó hEadhra in Philadelphia

I measc na bpearsana a mbeidh aird ar leith orthu tá Stephen Moylan as Corcaigh, fear a deirtear gur chum an téarma “Stáit Aontaithe Mheiriceá”; John Dunlap as an Srath Bán, a chuir Forógra Saoirse Mheiriceá i gcló den chéad uair; agus John Barry as Loch Garman, a dtugtar “bunaitheoir chabhlach Mheiriceá” air go minic. Déanfar iniúchadh freisin ar shaol Margaret Corbin, ceannródaí baineann a sheas amach mar dhuine de laochra na Réabhlóide.

Ní bheidh an tsraith dírithe ar phearsana aonair amháin, áfach. Léireofar an tionchar cultúrtha a bhí ag an Réabhlóid in Éirinn féin, áit a raibh filí Gaeilge ag cumadh amhrán agus dánta ag moladh na saoirse nua a bhí bainte amach ag na coilínigh.

Tá gealladh faoi léiriúchán den scoth freisin. Beidh athchruthuithe drámatúla de chathanna cáiliúla, fionnachtana seandálaíochta, agus píosaí scannánaíochta a taifeadadh ar shuíomhanna stairiúla in Éirinn agus sna Stáit Aontaithe le feiceáil sa tsraith. Cuirfidh saineolaithe staire agus tráchtairí acadúla comhthéacs agus léargas breise ar fáil chun an scéal a thabhairt chun beatha.

Is é GMarshTV a léirigh an tsraith le tacaíocht ó TG4, Scéim Fís & Fuaim 4 Choimisiún na Meán agus Alt 481. Is í Gillian Marsh, déantóir scannán a bhfuil gradaim buaite aici, an léiritheoir, agus is é David Ryan a scríobh agus a stiúir an tsraith. Tá an chuideachta idirnáisiúnta Off the Fence freagrach as dáileadh na sraithe thar lear.

Leis an gcomóradh mór stairiúil seo, tugann Réabhlóid Mheiriceá – Na Laochra Gael deis nua do lucht féachana TG4 scéalta nach bhfuil mórán cloiste acu a aimsiú agus ról suntasach na nGael i gceann de na himeachtaí ba thábhachtaí i stair an domhain a thuiscint.

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.