Agus an crosfhocal seo á dhéanamh agat, bain úsáid as Focloir.ie, Teanglann.ie agus Tearma.ie. Cabhróidh siad leat na leideanna a fhuascailt.

Trasna

1.  Moille nó liostacht (7)
5. Gach earrach tagann na héin bheaga seo go hÉirinn ó dheisceart na hAfraice (9)
10. Bogadh (11)
11. Timpiste (6)
12. _ _ nAthair atá ar Neamh (2)
13. Chun bheith cinnte nó ionas nach bhfuil aon mhíthuiscint ann (2,5,2, 6)
14. Ní féidir leat teacht ar an mbia sa channa mura bhfuil sin agat (7)
16. Príomhchathair na hIaráine (6)
17. Ainmhithe cosúil leis an gcapall ach ní chomh mor leis (5)
18. Fogha a thabhairt faoi dhuine (8)
22. Is féidir leat é seo a bhaint as do mhéar mura bhfuil tú cúramach le gloine briste (6)
23. Úsáidtear é seo chun doras a choimeád ar oscailt (4)
25. Uaillbhreas nuair atá ionadh ort (1,9)
28. Go deo: go _ _ _ _ _ na breithe (5)
29. Príomhchathair na hÉigipte (6)
31. Ábhar sícighníomhach nó spreagthach i gcaife (7)
32. Cuimil (do ghruaig) le do lámh (5)
33. An Naitsí deireanach a chaith daichead bliain i bpriosún Spandau, Rudolf _ _ _ _ (4)
34. Toradh teochriosach atá milis, buí agus súmhar ar an taobh istigh (5)
36. Gan iad ar dheireadh do dhorú ní féidir leat breith ar an iasc (5)
37. Tar éis báisteach throm déanann siad dochar go mórmhór in aice aibhneacha (6)
39. Tabhair buíochas [do Dhia] (7)
40. Duine a bhíonn ag díol rudaí go neamhfhoirmeálta bíonn sé ag _ _ _ _ _ _ _ _ _ _ _ _ (12)

Síos

2.  Institiúid an reiligiúin Anglacánaigh sa tír seo (7,2,8)
3. An bodhrán cuir i gcás (5)
4. Ag ceangal rudaí le chéile: ag _ _ _ _ _ _ _ _ _ _ _ _ (12)
5. Beart gránna (5).
6. Ainmhí nach bhfuil géaga aige (7)
7. Feithicil a bhogann tríd an aer (7)
8. Feargach (9)
9. Go maith nó go hálainn (4)
15. Gortaigh nó bris (4)
16. Teastas i leith na Gaeilge a bhfuil aitheantas aige san Eoraip [túslitreacha] (4)
19. Láidreacht (5)
20. Cleachtadh coirp (9)
21. Gníomhartha cróga (10)
24. Láidir, díograiseach agus lán de bhrí (8)
26. Ceann de na trí oileán Árann, an ceann sa lár (4,5)
27. Tabhair bia do dhuine (9)
30. Feictear í seo i dtéad nuair a úsáidtear é chun rudaí a cheangail le chéile (7)
34. Toisc (4)
35. Aghaidh nó gné (4)
38. An áit in abhainn ina dtiteann an t-uisce síos go tapa (3)

Freagraí ar Crosfhocal #85

TRASNA
1 Streacailt 6. Suí 8. Amach 9. Tic 10. Aghaidh 11. Titim 13. Urchóid 16. Ionathar 18. Cluas 20 Scanradh 22. Iata 25. Ag 26. Úd 27. Rá 28. Ga 29. Íoth 31. Ór 32. Roc 33. Cúl 34. Glaoch
SÍOS
1. Seachtain 2. Riachtanach 3. Ach 4. Inbhir 5. Treibh 6. Síth 7. Íocaí 10. Am 12. Matán 14. Óglaigh 15. Dua 17. Rudaí 19. Stadach 21. Riail 23. Tú 24. Broc 25. At 30 Olc 31 Ól 32 Rí
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.