Agus an crosfhocal seo á dhéanamh agat, bain úsáid as Focloir.ie, Teanglann.ie agus Tearma.ie. Cabhróidh siad leat na leideanna a fhuascailt.

Trasna

1.  Smaoinigh ar conas is féidir rudaí a bheith – aimsir láithreach, saorbhriathar (11)
6. An seachtú pláinéad ón ngrian agus an tríú pláinéad is mó de chóras na gréine (6)
12. Tuairim a thugann doctúir duit tar éis scrúdú a dhéanamh ort (9)
13. Thrasnaigh sé na hAlpa lena shaighdiúrí agus a eilifintí chun an Róimh a ionsaí (8)
14. Níos mó na bó amháin (2)
15. Le gach riail tá __________ ann, go mórmhór i leith ghramadach na Gaeilge (9)
16. An raibh tú leat féin? Bhí, bhí mé i m’_________ (5)
17. Duine a dhéanann socrú idir beirt atá i mbun conspóide (8)
18. Leabhar naofa na nIoslamach: an _________ (5)
21. An focal a úsáidtear mar nasc idir dhá chuid d’abairt (4)
23. Ar an taobh thuas de: os _______ (5)
24. Tá sé milis ach déanann sé dochar d’fhiacla (6)
25. Is féidir anraith a dhéanamh as an bhfás seo ach is féidir leis do lámh a loisceadh leis (7)
26. _________ sé liom ach níor bhac sé le mo chomhairle (5)
27. Aoileach ar an talamh, ó bhó, cuir i gcás (4)
30. Bhí an lá an-te agus _________ na miotóga mé ach gur chuir mé uachtar frithfheithide orm (9)
34. Duine a bhíonn ag obair san oíche agus cosaint á déanamh aige ar áit ar leith (10)
35. Cré (3)
36. Anáil bhrónach (4)
37. Maide (4)
39. Tá orm dul chun na hAstráile: is _______ fada é, fiú ar an eitleán (7)
40. Samhain, Nollaig agus Eanáir (10)
41. An ball den chorp atá ina chaidéal [iolra] (7)

Síos

2.  Is féidir leis an tor seo a bheith ina _______ Gaelach, ______ mín  nó _______ Gallda
3. Tír ar an muir Bhailt, Taillinn an phríomhchathair (2,7)
4. ________ maith leath na hoibre (3)
5. Bhí seacht gcinn ina gcónaí le Sneachta Bán (5)
7. Teach __________, teach ina bhfuil na codanna déanta roimh ré agus curtha le chéile ar an suíomh (11)
8. Gan bheith in ann aon rud a dhéanamh (11)
9. Chuirfinn ceist. modh coinníollach, an chéad phearsa (11)
10. An féidir leat an bia seo a ithe? Is féidir, tá sé ________ (5)
11. Saghas ruda nó coincheapa nach bhfuil ann ach i do smaointe, aidiacht (5)
14. Ceiliúradh ar an lá pósta (6)
19. Sula raibh na hollmhargaidh ann fuair daoine a gcuid feola i siopa an ________ (10)
20. An gnáthphobal, an pobal _________ (8)
22. Ainmhí trédhearcach bog a chónaíonn san fharraige (9,4)
23. Beirt agus beirt (8)
26. __________ sé dom go ndearna sé é, ach go raibh brón air maidir leis (9)
29. Comhalta de chuid Pharlaimint na hEorpa (7)
30. Nuair a chuirtear ceisteanna bíonn _________ de dhíth (7)
31. Mar nach raibh aon chathaoir fágtha bhí air fanacht ina __________ an oíche go léir (8)
32. Troid idir dhá thír (6)
33. Buachaill ar féidir leis a bheith leisciúil (7)
37. Cith trom báistí, ________ fearthainne (5)
38. Tá brón orm é seo a rá, is _________ liom a rá (3)

Freagraí ar Crosfhocal #83

TRASNA: 1. Béarlachas 6. Tacaíocht 9. Inmholta 10. Ard na Croise 12. Abach 13. Sop 15. Imbolc 16. Richard 19. Sioc 21. Scrios 22. Dúil 23. Piarda 25. Méarloirg 26. Óspairt 28. Toghlaigh 30. Codlatach 33. Slí 35. Breac 36. Deartha 37. Uafáis 38. Nocht 39. Tagairt
SÍOS: 1. Bainne 2. Aimhréidh 3. Líonrith 4. Cath 5. Sealúchas 6. Tadhall 7. Ceapaire 8. Cúinseach 11. Cothromaigh 14. Pádraig 17. Peadar Tóibín 18. Dramhaíl 20. Coir 21. Slacht 23. Pinocchio 24. Agóidí 27. Peacaigh 29. Corróg 31. Cliar 32. Neach 33. Scáth 34. Ídigh