Corn an Domhain 2026, an comórtas is mó i stair an tsacair ag teacht chun tosaigh

Cóilín Duffy

Tá Corn an Domhain FIFA 2026 faoi lán seoil anois agus tá gealladh ann go mbeidh sé ar an gcomórtas sacair is mó agus is uaillmhianaí a reáchtáladh riamh. Den chéad uair i stair an chomórtais beidh 48 tír páirteach ann agus beidh cluichí á n-imirt i dtrí thír éagsúla: na Stáit Aontaithe, Ceanada agus Meicsiceo.

Tá athrú suntasach tagtha ar fhormáid an chomórtais. In áit 32 foireann, mar a bhí idir 1998 agus 2022, beidh 48 foireann ann anois. Roinnfear iad in 12 ghrúpa de cheithre fhoireann an ceann, agus rachaidh an dá fhoireann is fearr i ngach grúpa ar aghaidh chuig an mbabhta díbeartha, chomh maith leis na hocht bhfoireann sa tríú háit leis na taifid is fearr. Ciallaíonn sé sin go mbeidh 104 cluiche ar fad ar siúl thar thréimhse 39 lá.

Beidh an comórtas á oscailt i gCathair Mheicsiceo agus beidh an cluiche ceannais ar siúl i Staidiam MetLife in New Jersey ar an 19 Iúil. San iomlán beidh 16 chathair óstacha páirteach sa chomórtas, le 11 acu sna Stáit Aontaithe, trí cinn i Meicsiceo agus dhá cheann i gCeanada.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!