Tá brú úr ar Chumann Lúthchleas Gael maidir lena n-urraíocht ón gcomhlacht Allianz. Tuairiscíodh le déanaí go mbeidh rún ar an gclár chruinniú bhord Chontae Bhaile Átha Cliath i lár na míosa seo. Naomh Iósaf/Buachaillí Uí Chonaill atá suite i lár thuaisceart na cathrach. Tá an club ag iarraidh go mbeidh athbhreithniú ar an urraíocht ag léibhéal náisiúnta agus i ndeireadh na dála go mbeidh deireadh leis an urraíocht.
Is é bunús na conspóide seo an nasc idir máthairchomhlacht Allianz le comhlachtaí a thacaíonn le fórsaí cosanta Iosrael sna críocha faoi fhorghabháil sa Phalaistín, Elbit Systems mar shampla. Tosaíodh an nasc idir Cumann Lúthchleas Gael agus Allianz thiar in 1993 agus rachaidh an comhpháirtíocht a aghaidh go 2030. Bíonn brandáil Allianz le feiceáil go soiléir ag gach cluiche contae sa tsraith náisiúnta agus i gcraobh na hÉireann.