Má tá imeacht Gaeilge á eagrú agat, cuir sonraí an imeachta isteach in An Páipéar saor in aisce. Seol na sonraí chuig imeachtai@anpaipear.ie.


Dé hAoine an 15 Bealtaine

Cúrsa suathaireachta
Fóirsteanach do leanaí ó 6 seachtaine go 10 mí d’aois.
11 am
Ionad Pobal Eascarrach, an Fál Carrach
Cúrsa 5 seachtaine. Táille €50
Eolas agus clárú le oisin@tuismitheoiri.ie nó 085-2198927
Arna eagrú ag Tuismitheoirí na Gaeltachta

Ceardlann ealaíne do theaghlaigh a bhfuil páistí bunscoile acu
5 pm
Halla Naomh Bríde, Leitir Mhic an Bhaird
Eolas agus clárú le sile@tuismitheoiri.ie
Arna eagrú ag Tuismitheoirí na Gaeltachta

Ióga, caife agus comhrá
Rang ióga do thosaitheoirí trí Ghaeilge le Pauline Ní Fhlatharta.
Mar chuid den fheachtas Hello, Conas atá tú? le Meabhairshláinte Éireann agus Thrive Conamara. Tabhair leat mata. Cuirfear sólaistí ar fáil tar éis an ranga agus beidh deis agat dul i mbun cainte agus comhrá.
6 pm
Amharclann Chois Fharraige, Seanscoil Sailearna, na hAille, Indreabhán, Gaillimh H91 W925
Ticéid €5 an ceann ar fáil ó Eventbrite: https://iogacaifecomhra.eventbrite.iehttps://www.cst.ie

Mé féin, Mamó agus Daideo
Cártaí agus cluichí boird. Tae agus caife agus sólaistí
6 pm
Ionad Pobail Bhaile an Sceilg
Cláraigh le marie@tuismitheoiri.ie nó 085-2198742
Arna eagrú ag Tuismitheoirí na Gaeltachta

Ióga le Agatha
Ióga don teaghlach ar fad.
6 go 7.30 pm
Áras Inis Gluaire, Béal an Mhuirthead
Eolas agus clárú le Siobhán ag 085-8339491 nó siobhan@tuismitheoiri.ie
Arna eagrú ag Tuismitheoirí na Gaeltachta

An Focal Beo
Oíche cheoil le Diane Cannon agus Manus Lunny
6.30 go 8 pm
Kinnegar Brewery, Leitir Ceanainn
Arna eagrú ag Líonra Leitir Ceanainn

Dé Sathairn an 16 Bealtaine

Tob-Ghaeltacht, an Abhainn Dubh
10 go 11.30 am
Halla an Phobail, an Abhainn Dubh, Co. Loch Garman

Dianchúrsa Gaeilge
Ranganna do gach leibhéal.
10 am go 2 pm
Páirc na Mara, Áth na Long, Co. an Dúin
£25, lón san áireamh
Eolas ó boircheiochtar@gmail.com nó 028-43768784
Cláraigh ag https://www.boircheiochtar.com/siopa
Arna eagrú ag Conradh na Gaeilge Boirche Íochtar

Siúlóid le Coiscéim
11 am
An Currach, Cill Dara
Ag teacht le chéile sa charrchlós
Eolas ó fia@cilldaralegaeilge.ie
Arna eagrú ag Cill Dara le Gaeilge

Siamsán sa ghairdín
3 pm
Halla Bhaile Ghib
Eolas agus clárú le padraig@tuismitheoiri.ie nó 085-2198746
Arna eagrú ag Tuismitheoirí na Gaeltachta

Dé Luain an 18 Bealtaine

Potadóireacht
Oiriúnach do leanaí 5+ agus a dteaghlaigh
5.30 pm
Ionad pobail, Baile an Sceilg
Cláraigh le marie@tuismitheoiri.ie nó 085-2198742
Arna eagrú ag Tuismitheoirí na Gaeltachta

Ceardlann filíochta le Seirce Mhac Conghail
Is minic go ndéantar cur síos ar scríobh na filíochta ar nós gur draíocht nó spreagadh atá i gceist, in ionad toradh ar phróiseas rianúil. Sa cheardlann filíochta seo, déantar plé ar mhodhanna éagsúla dán a scríobh agus a eagrú trí Ghaeilge, agus greim á choinneáil againn ar an spreagadh céanna sin.
6 pm
The Workshop Hub, Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath
Ticéad ar fáil ó https://ilfdublin.ticketsolve.com/ticketbooth/shows/873663646
Mar chuid d’Féile Litríochta Idirnáisiúnta Bhaile Átha Cliath

Dé Céadaoin an 20 Bealtaine

Comhrá teaghlaigh
Comhrá, cluichí, amhránaíocht, rannta, tae agus caife.
6 go 7 pm
Ionad Pobail Thráigh an Locha, Fánaid
Eolas agus clárú le hOisín ag 085-8339491
Arna eagrú ag Tuismitheoirí na Gaeltachta

Déardaoin an 21 Bealtaine

Ceiliúradh 25 bliana Ghaelscoil na Móna
10 am
Spás Comhroinnte an tSléibhe Dhuibh

Siúloidín na Súl Oscailte
Siúloidín dúlra i lár an bhaile le Niamh Ní Dhúill agus cupán le chéile ina dhiaidh sin.
6.30 go 7.30 pm
Leabharlann Thrá Lí
Arna eagrú ag Conradh na Gaeilge Thrá Lí
Dé hAoine an 22 Bealtaine
Fréamhacha teaghlaigh
Garraíodóireacht do thuismitheoirí agus páistí
4 go 5.30 pm
SN Dhumha Thuama, Co. Mhaigh Eo
Eolas agus clárú le Siobhán ag siobhan@tuismitheoiri.ie
Arna eagrú ag Tuismitheoirí na Gaeltachta

Ceardlann ar smideadh
4 pm
Ionad Teampaill Chróine, an Clochán Liath
Eolas agus clárú le eilin@tuismitheoiri.ie
Arna eagrú ag Tuismitheoirí na Gaeltachta

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.