
Beidh léargas croíúil, spreagúil agus lán dóchais le feiceáil ar TG4 Dé Céadaoin an 20 Bealtaine ag 9.50 pm nuair a chraolfar Dath an Fhómhair, clár faisnéise nua ó Red Pepper Productions a dhéanann ceiliúradh ar dhaoine scothaosta atá ag baint an oiread agus is féidir as gach lá dá saol.
Sa chlár álainn nádúrtha seo cuirtear os ár gcomhair scéalta pearsanta roinnt seanóirí iontacha ar fud na tíre atá ag tabhairt dúshlán steiréitíopaí aoise agus ag léiriú nach gcuireann dul in aois deireadh le fuinneamh, le cruthaitheacht ná le cuspóir saoil. A mhalairt ar fad, taispeánann siad gur féidir leis an saol bláthú ar bhealaí nua fiú agus na blianta ag imeacht.
I measc na rannpháirtithe tá Isobel Bennett i gCorca Dhuibhne, seandálaí ar scor a bhog go Ciarraí breis agus 40 bliain ó shin. Cé nach raibh Gaeilge aici ar dtús, d’éirigh léi fréamhú sa phobal agus tá sí anois ag treorú turasóirí timpeall ar na clocháin ar a cuid talún agus ag cothú caorach, chomh maith lena ról lárnach le grúpa Active Retired na háite.
Sa Daingean léiríonn Pat De Brún, 72, agus Bridie Fitzgerald, 80, cumhacht an chairdis agus an phobail. Trína gclub Probus coinníonn siad gnóthach le Pilates, galf, taisteal agus gníomhaíochtaí sóisialta, agus tá Bridie fós i mbun a lóistín féin agus í 80 bliain d’aois.
I nGaillimh roinneann Bríd Byrne a haistear téarnaimh i ndiaidh stróc agus an dóigh ar bhain sí úsáid as ealaín, teicneolaíocht agus spioradáltacht chun neart nua a aimsiú. I mBré tá Deirdre Fitzgerald ag spreagadh ban eile trí dhamhsa agus snámh farraige, agus i mBaile an tSaoir tá Tom Weymes, 84, fós ag rothaíocht suas le 150km sa tseachtain agus ag seinm an obó.
Cuireann Tomás Ó Cuireáin ó Chomhairle Contae Laoise comhthéacs níos leithne leis an scéal trína chuid oibre leis an gclár Aois-Chairdiúil Laois, ag léiriú an tionchair dhearfaigh atá ag daoine níos sine ina bpobail féin.
Is ómós cumhachtach é Dath an Fhómhair don taithí shaoil, don teacht aniar agus don áthas. Trí scéalta na rannpháirtithe tugtar cuireadh don lucht féachana machnamh nua a dhéanamh ar an aosú, ní mar chríoch, ach mar chaibidil shaibhir eile den saol.