Díolta amach agus dírithe ar an gcéad chéad eile: 100 bliain den Ghúm á cheiliúrtha in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath

Bhí scoláirí, scríbhneoirí, eagarthóirí, foilsitheoirí agus lucht léitheoireachta na Gaeilge bailithe le chéile ar champas na Naomh Uile, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, an tseachtain seo caite do chomhdháil speisialta lae a rinne ceiliúradh ar cheann de mhórinstitiúidí foilsitheoireachta na Gaeilge, agus céad bliain slánaithe ag an nGúm i mbliana.

Ba iad an Gúm i gcomhar le Fiontar & Scoil na Gaeilge, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, a d’eagraigh an chomhdháil, Inné agus Inniu: 100 Bliain den Ghúm, mar chuid de chomóradh suntasach ar bhunú na heagraíochta ar an 7 Bealtaine 1926. Céad bliain ó tháinig Coiste na Leabhar le chéile den chéad uair. Tugadh deis do lucht freastail súil chuimsitheach a chaitheamh siar ar oidhreacht shaibhir an Ghúim agus machnamh a dhéanamh ar a ról i saol foilsitheoireachta na Gaeilge sa todhchaí.

Le linn an lae pléadh réimse leathan ábhar a léirigh fairsinge shaothar an Ghúim le céad bliain anuas. Labhair Gearóidín Uí Laighléis faoi luathbhlianta agus bunú na heagraíochta, agus rinneadh iniúchadh ar ról na mban i stair luathfhoilsitheoireachta an Ghúim. Bhí seisiúin ann freisin ar fhilíocht agus ar Chathal Ó Sándair, ar théacsleabhair an Ghúim, ar amhráin na nGrianach, agus ar an bhfoclóireacht a d’fhág lorg chomh domhain ar fhoghlaimeoirí agus ar scoláirí Gaeilge.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.