Cead pleanála diúltaithe do ghléasanna luchtaithe sráide

Eoin Ó Murchú

Tá fearg ag dul i méad ag áitritheoirí ar fud Bhaile Átha Cliath mar gheall ar an gcaoi go bhfuil an chomhairle ag cur iachall orthu gléasanna luchtaithe a bhaint ón mbóthar poiblí i ndiaidh dóibh na céadta euro a chaitheamh á gcur i bhfeidhm.

Tá feachtas ag an Roinn Iompair ag iarraidh ar dhaoine carranna leictreacha a cheanach mar chuid den iarracht úsáid breosla iontaise a laghdú.

Mar thoradh ar an bhfeachtas tá na mílte i ndiaidh carranna leictreacha a cheannach. Ach mura bhfuil cabhsa príobháideach acu, agus má tá orthu a gcuid carranna a pháirceáil ar an mbóthar poiblí, tá fadhb acu na carranna a athluchtú.

Chuir roinnt áitritheoirí gléasanna luchtaithe i bhfeidhm, ag baint leas as an gcosán taobh leis an mbóthar poiblí, ach, ain ainneoin fheachtas an rialtais i bhfabhar carranna leictreacha tá Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath ag rá go bhfuil cead pleanála ag teastail agus tá an Chomhairle ag diultú an cead sin a thabhairt.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.