Agus an crosfhocal seo á dhéanamh agat, bain úsáid as Focloir.ie, Teanglann.ie agus Tearma.ie. Cabhróidh siad leat na leideanna a fhuascailt.

Trasna

1. Dúshlán nach féidir a shárú (3,2,4)
5. Bealach thar abhainn (9)
10. Deachtóir Sasanach a rinne slad in Éirinn sa seachtú haois déag; ní thabharfainn ainm Gaeilge dó (6,8)
12. Seal (6)
13. Stáidéar acadúil ar intinn agus iompar an duine (12)
14. Bíonn ceann lán di le feiceáil gach 29.5 lá (7)
15. Dathanna sa spéir: _______ báistí (4)
16. Galántacht (8)
18. Beirt ag scaradh: deir siad ______ leat nó ______ agat (4)
20. Duine a chuireann eagla ar daoine eile: duine ________ (7)
22. An meas atá ar rudaí i dtéarmaí airgid (iolra) (9)
25. Bord (4)
26. Comhalta (4)
27. 14 lá (6)
29. Faigheann turasóirí eolas ar an áit ina bhfuil siad san fhoilseachán seo (13)
31. Caint sheafóideach: ______ bhreaille (6)
32. An chuma atá ar aghaidh an duine (6)
35. Léann sí an nuacht ar RTÉ de ghnáth ag a sé a chlog (6,6)
36. An mothúchán tábhachtach ar lá Fhéile Vailintín (3)
37. Suíomh ardríthe na hÉireann: Cnoc na ______ (9)
38. Rud nach bhfuil fíor (5)

Síos

1. Maolú ó dhrochrud (9)
2. Saighdiúirí i bhfolach chun ionsaí a dhéanamh (8)
3. Stát in iarthuasceart na Stát Aontaithe, Salem an phríomhchathair (6)
4. Nádúrtha (8)
6. Ainmhí a bhíonn ag eitilt san oíche agus feithidí á n-ithe aige (6)
7. File sa tsean-Ghréig a scríobh an Iliad agus an Odaisé (7)
8. Gníomh: ag tabhairt rudaí agus ag fáil airgid ina leith (9)
9. Duine a choimeádann srian docht ar chúrsaí: duine ________ (9)
11. Anois is arís (10)
17. Alt i nuachtán ina léirítear tuairimí an nuachtáin féin (11)
18. Teanga ársa naofa chlasaiceach a bhí ann san India fadó (9)
19. Dhá líne ó amhrán ón ochtú haois déag: “Tá na Francaigh teacht thar sáile, Arsa an tSeanbhean _______ (6)
20. An mála ina ndéantar díleá ar do chuid bia (4)
21. Bata sa talamh a mbíonn comharthaí nó sreanga nasctha leis (7)
23. Sábháil (8)
24. Uasal nó ________ (5)
28. ________ nó thiar (5)
29. Tá clú ar na cinn ó Chúba ach níl siad sláintiúil (6)
30. Cúrsa (4)
31. Bréagán de chuid na gcailíní de ghnáth ach cá bhfios sa lá atá inniu ann (5)
33. Iarcheannaire Pháirtí Sóisialta agus Daonlathach an Lucht Oibre a fuair bás in 2020 (4)
34. Gaoth an-mhór (4)

Freagraí ar Crosfhocal #80

TRASNA: 1. Brionglóid 6. Parnell 10. Tuarascáil 12. Lóistín 13. Triantán 14. Ailse 17. Tapúlacht 18. Earra 21. Tacair 24. Earralann 26. Eachaire 27. Téad 28. Blaosc 30. Tinnis 31. Úscadh 33. Easpa 34. Lá 35. Coigil 36. Toirmisc 37. Seachnaígí
SÍOS: 1. Buairt 2. I bhfaiteadh na súl 3. Nathan Carter 4. Leannáin 5. Dúshraith 6. Poll 7. Ridire 8. Leannadóir 9. Báúil 11. Stiúgtha 15. Scuaine 16. Castacht 19. Borradh 20. Taitneamh 22. Ceannaire 23. Inréitithe 26. Las Vegas 28. Bladaire 29. Spideog 32. Sáite 35. Cága
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.