An tUachtarán Catherine Connolly ceaptha mar phátrún ar Nuálaithe Sóisialta Óga

Tá Uachtarán na hÉireann, Catherine Connolly, ceaptha mar phátrún nua ar Nuálaithe Sóisialta Óga, agus an eagraíocht ag ceiliúradh 25 bliain ar an bhfód i mbliana.

D’fhógair an carthanas óige an ceapachán an tseachtain seo, agus dúradh gur céim mhór é don eagraíocht agus dá líonra de bhreis agus 190,000 duine óg a ghlac páirt ina gcuid tionscnamh ó bunaíodh é in 2001. Bhunaigh Rachel Collier agus tSiúr Stanislaus Kennedy nach maireann Nuálaithe Sóisialta Óga, leis an aidhm daoine óga a spreagadh le dul i ngleic le ceisteanna sóisialta agus athrú dearfach a chruthú ina bpobail féin.

Tagann an phátrúnacht nua seo sna sála ar an traidisiún fada tacaíochta ó uachtaráin atá ag an eagraíocht le blianta fada anuas. De réir Nuálaithe Sóisialta Óga, léiríonn pátrúnacht an Uachtaráin Connolly a tiomantas leanúnach don cheartas sóisialta, comhionannas agus guthanna daoine nach gcloistear go minic sa tsochaí.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!