
Beidh léargas úr spleodrach ar chuid de na féilte pobail is mó agus is beoite in Éirinn le feiceáil ar TG4 an mhí seo chugainn nuair a chuirfear tús leis an tsraith nua Croí na Féile. Is é fear Rann na Feirste agus craoltóir 2FM, Hugh Carr, a bheidh i mbun na sraithe agus é ag taisteal timpeall na tíre mar oibrí deonach ag féilte éagsúla chun blaiseadh a thabhairt don lucht féachana den obair mhór a dhéantar taobh thiar den stáitse chomh maith leis an gcraic agus an ceol.
Sa tsraith sé chlár seo tabharfaidh Hugh aghaidh ar fhéilte éagsúla gach seachtain agus é ag bualadh le daoine cruthaitheacha, díograiseacha agus fuinniúla a chuireann imeachtaí pobail ar bun ar fud na tíre. Feicfear é ag obair agus ag spraoi ag roinnt de na hócáidí cultúrtha agus pobail is mó cáil in Éirinn.
I measc na bhféilte a bheidh faoi chaibidil tá Mela i mBéal Feirste, Cruinniú na mBád i gCinn Mhara, Féile na Laoch i gCúil Aodha, Féile Idirnáisiúnta Ealaíon na Gaillimhe, Dorn san Aer i nGaoth Dobhair agus Oireachtas na Samhna i mBéal Feirste.
Beidh deis ag an lucht féachana aithne níos fearr a chur ar shaol na bhféilte ó pheirspictíocht éagsúil agus Hugh ag caitheamh seal mar oibrí deonach ag gach imeacht. Léireofar an obair ullmhúcháin, an brú agus an spiorad pobail a bhíonn riachtanach chun féilte móra a chur ar siúl go rathúil.
Ar a chamchuairt, casfaidh Hugh le pearsanachtaí agus ealaíontóirí iomráiteacha éagsúla, ina measc an grúpa rap Kneecap, an t-aisteoir Stephen Rea, an ceoltóir Liam Ó Maonlaí, Grooveline, Huartan agus an craoltóir Bláthnaid Ní Chofaigh. Beidh Uachtarán na hÉireann Catherine Connolly le feiceáil sa tsraith chomh maith.
Tá Croí na Féile léirithe ag Strident Films le maoiniú ó TG4 agus ón gCiste Craoltóireachta Gaeilge.
Craolfar an chéad chlár, a bheidh dírithe ar Mela i mBéal Feirste, Déardaoin an 4 Meitheamh ag 8pm ar TG4. Leanfaidh an tsraith ar aghaidh sna seachtainí ina dhiaidh sin le féilte éagsúla ó cheann ceann na tíre agus léargas pearsanta Hugh Carr ar “chroí na féile” i ngach áit a dtabharfaidh sé cuairt uirthi.