Comhpháirtíocht TG4 agus Cumann Pheil Ghaelach na mBan athnuaite

Tá sé deimhnithe ag TG4 agus ag Cumann Pheil Ghaelach na mBan go gcuirfear síneadh cúig bliana leis an gcomhpháirtíocht urraíochta agus craolta atá idir an dá eagraíocht maidir le Craobhchomórtas Uile-Éireann TG4 i bPeil na mBan. Ciallaíonn an comhaontú nua go leanfaidh TG4 mar urraitheoir agus mar chraoltóir oifigiúil an chomórtais go dtí deireadh shéasúr 2032. 

Rinneadh an fógra ag seoladh oifigiúil Chraobhchomórtas Uile-Éireann TG4 2026 i bPáirc an Chrócaigh Dé Máirt, agus tagann sé i mbliain thábhachtach don dá pháirtí agus iad ag ceiliúradh 25 bliain ó bunaíodh an chomhpháirtíocht den chéad uair in 2001. 

Nuair a cuireadh tús leis an gcomhoibriú idir TG4 agus Cumann Pheil Ghaelach na mBan, níor craoladh ach sé chluiche sa bhliain. Sa lá atá inniu ann, tá gealltanas cuimsitheach craolta i bhfeidhm ar an teilifís, ar Sheinnteoir TG4, ar aip TG4 agus ar chainéal YouTube Spóirt TG4. 

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!