| agam | againn |
| agat | agaibh |
| aige, aici | acu |
Ní chuireann ag aon athrú ar fhocail a leanann é:
| ag Úna | ag Seán | ag baile |
Ach tarlaíonn na hathruithe tosaigh seo a leanas nuair a leanann an t-alt ag:
urú más féidir sa chóras lárnach:
- ag an mballa beag
- ag an seanfhear dall
- ag an mbanaltra chineálta
- ag an múinteoir crosta
- ag an ospidéal mór
séimhiú más féidir agus t roimh s i gcóras an tséimhithe (Gaeilge Uladh)
- ag an bhalla bheag
- ag an tseanfhear dhall
- ag an bhanaltra chineálta
- ag an mhúinteoir chrosta
- ag an ospidéal mhór
Breathnaigh na nathanna seo a leanas ina n-úsáidtear ag:
- Bí anseo ag a naoi a chlog ar maidin.
- Feicfidh mé thú ag am lóin.
- Árasán atá agamsa, ach teach atá agatsa.
- Níl snámh agam, faraor.
- Tá Fraincis líofa aige.
- Tá grá aici dá seanmháthair.
- Tá meancóg déanta agat.
- Tá súil againn go mbeidh am maith agat.
- Tá mé cinnte go bhfuil spéis agaibh go léir sa ghramadach!
- Tá a fhios aicise ach níl a fhios aigesean!
- An bhfuil eolas agat ar an gcóras?
- Níl meas ar bith acu orainn!
- Níl carr ag Peadar mar níl go leor airgid aige.
- Níl muinín ar bith againn astu!
- Níl trua agamsa di!
- Tá go leor ceisteanna agam ort.
Líon na bearnaí sna habairtí seo:
- Tá súil _______ go mbeidh an aimsir deas mar ba mhaith liom dul ag siúl.
- Buailfidh mé leat _____ an bpictiúrlann _____ a seacht a chlog.
- Tá spéis ____________ sna scannán agus téim chun na pictiúrlainne go minic.
- Tá snámh ________ ach ní féidir leis dul isteach san fharraige mar tá a chulaith shnámha dearmadta _______.
- Ní raibh a fhios _______ mar ní dúirt an múinteoir leo.
- Níl an ceacht sin déanta ______ fós, mar sin ní féidir linn an cheist a fhreagairt.