Cuireadh bagairt bháis ar thiománaí mura bhfágfadh sé an carr taobh amuigh den stáisiún
Dúradh le tiománaí seachadta go marófaí é murar thiomáin sé carr le buama go dtí an stáisiún póilíní ar an Lorgain.
Ghoid beirt fhear a raibh púicíní orthu agus gunna ag fear amháin acu an carr tráthnóna Dé Luain agus chuir siad feiste phléascach sa bhúit.
Ordaíodh don tiománaí an carr a thiomáint go dtí an stáisiún agus nuair a bhain sé an stáisiún amach rith sé amach as an charr ag rá go raibh buama istigh ann.
Dúirt Seirbhís Póilíneachta Thuaisceart Éireann (SPTÉ) tráthnóna Dé Máirt gur feiste thútach a bhí ann, ach go raibh sé inoibrithe. Dúirt siad fosta go bhfuil an-seans ann go raibh easaontóirí poblachtacha taobh thiar den ionsaí.

Grianghraf: James Denham/Geograph
Rinneadh pléascadh rialaithe ar an fheiste. Bhí sráideanna druidte sa bhaile agus bogadh beagnach 100 teaghlach amach as a dtithe.
Dúirt an tAire Dlí agus Cirt Naomi Long faoin eachtra go léiríonn sé go bhfuil an inniúlacht, cumas, agus mian ag grúpaí poblachtacha ionsaí a dhéanamh ar na póilíní in ainneoin an lín bhig atá bainteach leo.
Dúirt an t-aire go síleann sí gur eachtra é ag iarraidh daoine a spreagadh roimh an Cháisc, ach nach raibh aon mhachnamh ann do dhuine gan dochar ag seachadadh píotsa agus na daoine sa bhaile.
Dúirt John O’Dowd, CTR de chuid Shinn Féin, gur eachtra uafásach atá ann. Dúirt sé nach bhfeiceann sé aon tacaíocht do ghrúpaí cosúil leis seo agus go bhfuil muintir na Lorgan ag iarraidh bogadh ar aghaidh agus go bhfacthas forbairt nach beag le cúig bliana is fiche anuas.
Dúirt Leas-Ardchonstábla SPTÉ, Ryan Henderson, go bhfuil an-luach bainteach leis an tsíocháin a tógadh sna sé chontae agus go bhfuil na daoine atá taobh thiar den ionsaí ag iarraidh é sin a bhriseadh.
Tháinig sé chun solais le linn na seachtaine gur thiomáin an carr trí phost shlandála gan foireann agus trí gheata oscailte ar an taobh thall den bhalla phléascdhíonach. Tá fiosrúchán ar bun ag SPTÉ.