Cóilín Duffy i bPort Laoise
Bhí oíche den scoth ag pobal na Gaeilge i gContae Laoise Dé hAoine seo caite nuair a seoladh Cumann Gaelach Chontae Laoise go hoifigiúil i bPort Laoise. Tháinig os cionn 120 duine le chéile don ócáid, rud a léirigh an tsuim mhór atá ag muintir an chontae sa teanga agus sa phobal Gaelach.
Bhí tráth na gceist mar chroílár na hócáide agus ghlac timpeall fiche foireann páirt ann. Bhí an iomaíocht thar a bheith dian agus chríochnaigh dhá fhoireann ar chomhscór le 62 pointe. Bhí ceist réitigh de dhíth sa deireadh agus ba iad Tráth na Guessers, Cóilín Duffy (eagarthóir An Páipéar), Ailbhe Ní Raghnaill agus Chloe Ní Ghealbháin, a tháinig amach mar bhuaiteoirí. Sa dara háit bhí an fhoireann ina raibh Micheál Ó Scolaidhe, Aindle Mac Gearailt, Sorcha Ní hAimirgín agus Crios Hickson. Bhí comhscór sa tríú háit idir na foirne Rogha na Coitianta agus na Ceoltóirí Cliste, faoi cheannasaíocht Áine Haberlin agus Neasa Ozenbrook.
Dúirt Siobhán Ní Chuinn, Cathaoirleach Chumann Gaelach Chontae Laoise, le An Páipéar gur sháraigh an líon daoine a tháinig gach ionchas a bhí acu.
“Bhí a fhios againn go raibh suim sa Ghaeilge sa chontae, ach ní raibh súil ar bith againn leis an slua a tháinig. Bhí timpeall fiche bord sa tráth ceisteanna agus nuair a chuireann tú leis sin an coiste agus daoine eile a bhí i láthair, bhí os cionn céad duine ann. Ba mhór an rud é sin dúinne,” a dúirt sí.