Cóilín Duffy
Bhí Sráid Chill Dara dubh le daoine Dé Máirt seo caite nuair a tháinig pobail Ghaeltachta, feachtasóirí agus ceoltóirí le chéile faoi bhratach an ghrúpa tithíochta náisiúnta Tinteán chun agóid chumhachtach a reáchtáil lasmuigh de Theach Laighean. Bhí siad ag éileamh gníomh láithreach ón Aire Tithíochta, James Browne, maidir leis an ngéarchéim thithíochta agus theanga atá ag dul in olcas sa Ghaeltacht.
Líon guthanna phobal na Gaeltachta an tsráid le glao soiléir. Ní ceist imeallach é seo, ach géarchéim atá ag bagairt ar inmharthanacht na Gaeilge mar theanga bheo phobail. Léiríodh go bhfuil tionchar díréireach díobhálach ag an ngéarchéim thithíochta náisiúnta ar cheantair Ghaeltachta, áit a raibh teaghlaigh óga á mbrú amach de bharr easpa tithe inacmhainne agus bacainní pleanála.
Thacaigh Conradh na Gaeilge, Bánú, an tAontas Gníomhaíochta Pobail Tionóntaí, an Mheitheal Náisiúnta Pleanála Teanga agus Aontas na Mac Léinn in Éirinn leis an agóid, i dteannta baill den phobal a sheas i ndlúthpháirtíocht leis na ceantair Ghaeltachta.