Ceiliúrtar Naomh Pádraig, pátrún na hÉireann, gach bliain ar an 17 Márta. Ach cé hé Naomh Pádraig?
Níor rugadh in Éirinn é ach tá sé tabhachtach i stair na hÉireann. Tugtar tús áite dó i measc lucht teagaisc na Críostaíochta a tháinig go hÉirinn beagnach mile sé chéad bliain ó shin.
Deirtear gur rugadh é sa Bhreatain timpeall na bliana 385 AD agus gur Maewyn Succat an t-ainm a bhí air. Tá scríbhínní ann, afach, in a bhfuil eolas le fáil ar Phádraig. Is é an ceann is tábhachtaí díobh ná cean a scríobh sé féin i Laidin, Confessio (faoistin), atá le fáil sa seanlámhscríbhinn dar teideal Leabhar Ard Mhacha i leabharlann Coláiste na Tríonóide. Sa chéad alt in Confessio luann sé Bannavem Taburniae, an áit as ar tháinig sé. Insíonn sé gur saoránach Rómhánach agus oifigeach eaglaise é a athair. Ta go leor beathaisnéisí ann a scríobh na manaigh Éireannacha i rith na n-aoiseanna i ndiaidh a bháis. Is í an bheathaisnéis is sine díobh an ceann a scríobh an Laighneach darb ainm Muirchú, a thug mar bhronntanas í don easpag áitiúil.
A óige
Fuadaíodh Pádraig nuair a bhí sé ina dhéagóir agus tugadh go hÉirinn é. Tugadh go ríocht Dhál Riada é i dtuaisceart na hÉireann, agus díoladh ina sclábháí é le duine darb ainm Milchú. Chaith sé blianta fada ag déanamh aoireachta ar chaoirigh ar Shliabh Mis. D’fhoghlaim sé Gaeilge agus bhí sé ábalta í a labhairt. Faoi dheireadh d’éirigh leis éalú agus chuaigh sé ar ais go dtí a thír dhúchais, ach ina intinn ba é an rud ba mhaith leis a dhéanamh ná a shaol a chaitheamh ag iompú na nGael ina gCríostaithe.
Éire ag an am
Págánaigh ba iad na Gaeil ag an am seo. Is iontach beag an méid eolais atá le fáil ar na déithe aduaine ar thug siad onóir dóibh. Chreid siad go raibh dia áirithe ann, an Daghdha, a raibh cónaí air sna cairn mhóra. Tá ceann acu le feiscint fós, is é sin Sí an Bhrú ar bhruach abhainn na Bóinne. Ba iad na draoithe na sagairt phagánacha agus bhí a ngnásanna diamhra féin acu le haghaidh ócáidí móra.
Ba í an fheirmeoireacht an tslí bheatha a bhí ag formhór na ndaoine. Ba iad na Gaeil ba thúisce a bhain úsáid as iarann in Éirinn in uirlisí cosúil le céachtaí chun an talamh a threabhadh. Thug na barraí, an fheoil, an bainne agus an t-im a ndóthain bia dóibh, ach uaireanta, nuair a bhíodh lá féile ann, chaithidís leo féin go maith le fiafheoil, bradán agus mil. Dhéanadh na mná na héadaí go léir, agus dhathaídís an olann leis na dathanna taibhseacha a raibh dúil chomh mór sin acu iontu.
Naomh Pádraig ar ais in Éirinn
Bhí Pádraig i gcónaí ag smaoineamh ar na hÉireannaigh. Dúirt sé go raibh ‘guth na hÉireann’ ina cheann aige agus chuala sé iad ag iarraidh air teacht ar ais go hÉirinn. Bhí go leor staidéir déanta aige tar éis beagnach fiche bliain. Oirníodh ina shagart é. Ansin coisreacadh Pádraig ina easpag, agus chuir an Pápa mar mhisinéir go hÉirinn é sa bhliain 432 AD. Sheol sé trasna Mhuir Éireann go dtí gur shroich sé cósta Chúige Uladh amach ag Loch Cuan, áit ar tháinig sé i dtír. I scioból, nó sabhall, is ea a léigh sé a chéad Aifreann in Éirinn.
Ansin thug Pádraig a aghaidh ó dheas. Bhí fhios aige go raibh rath a ghnó ag brath ar dhearcadh na ríthe agus na dtaoiseach go háirithe. Dé Sathairn Naofa, an lá roimh Dhomhnach Cásca, shroich sé áras an Ard-Rí, Laoghaire, a Chnoc Teamhrach. Bhí na daoine ansin ag ullmhú le hagaidh féile. Bhí go leor gnásanna páganacha ar bun acu, agus bhí tine mhór le lasadh ag an Ard-Rí. Ní raibh cead ag aon duine tine a lasadh go lasfaí an tine sin. Shocraigh Pádraig tine na Cásca a lasadh ar Chnoch Shláine. Chonaic muintir na háite na lasracha ag éirí in airde agus bhí siad buartha faoi sin. D’ordaigh Laoghaire an duine a bhí ciontach a thabairt os a chomhair an lá dár gceann, agus mar sin a tharla gur labhair Pádraig, Domhnach Cásca 433, os comhair uaisle na tire a bhí cruinnithe i dTeamhair. Chuaigh caint Phádraig i gcion ar an Rí. Bhí sé chomh tógtha leis gur thug sé cead dó an soiscéal a theagasc ar fud na tire.
A mhisean
Chuir an teagmháil leis an Ard-Rí cor i gcinniúint Phádraig. D’eirigh go maith leis as sin amach. Bhí an t-eolas aige ar theanga agus ar chultúr na hÉireann. Chuir sé deasghnátha traidisiúnta ina cheactanna seachas iarracht a dhéanamh creidimh dhúchasach a dhíothú. Thuig sé go raibh na págánaigh ag adhradh na gréine agus mar sin chuir sé an ghrian ar an gcros Laidineach, rud a chruthaigh an chros Cheilteach. Gach áit a ndeachaigh sé fuair sé cead an taoisigh áitiúil ar dtús, agus ansin labhair sé leis na daoine. D’úsáid sé seamróg chun teagasc na Tríonóide, an Triúr in Aon, a mhíniú. Is í an tseamróg siombal Naomh Pádraig go dtí an lá atá inniu ann. Chuaigh sé trasna na Sionainne, ag teagasc na Críostaíochta i gConnachta. Chaith sé an Carghas ar chnoc ar a dtugtar Cruach Phádraig inniu, ag déanamh aithrí agus ag guí chun Dé.
Chaith Pádraig a lán ama i dtuaisceart na tire. B’fhéidir go raibh cion speisialta aige ar an áit mar chaith sé blianta fada ann ina sclábhaí. Ba é Pádraig féin a chéad ardeaspag ar Ard Mhacha. Fuair sé bás timpeall 463 AD. Cuireadh é i nDún Pádraig, i gContae an Dúin. Bhí an Chríostaíocht fréamhaithe go daingean in Éirinn faoin am sin.
Is múinteoir scoile, staraí agus ealaíontóir í Nuala Holloway a bhfuil céim
ealaíon aici agus Ard Dioploma san Oideachas chomh maith le maistracht
sna healáíne.