
Tá an t-earrach linn faoi dheireadh thiar thall. Téann an lá i bhfad agus mothaíonn solas an lae níos gile agu níos oscailte. Is é an t-earrach fíorthús bliana úire do go leor daoine, nuair a mhothaíonn siad spreagtha a spás féin a ghlanadh agus triail a bhaint as rudaí úra.
Tagann filíocht Antaine Raiftearaí sa dán Cill Aodáin chun cuimhne dom. Tá fuinneamh agus anamúlacht sna línte seo.
Anois teacht an earraigh beidh an lá ag dul chun síneadh
Is tar éis na Féile Bríde ardóidh mé mo sheol
Ó chuir mé i mo cheann é ní stopfaidh mé choíche
Go seasfaidh mé thíos i lár Chontae Mhaigh Eo.
Le déanaí thug mé féin aghaidh ar iarthar na hÉireann, ach ar an mbealach stop mé i lár na tíre i gContae na Iarmhí i sráidbhaile gleoite darb ainm Móta Ghráinne Óige. Chuala mé go bhfuil stair shuimiúil ag baint leis agus bhí aithne uirthi san am a chuaigh thart mar Bhaile na gCaecar, nó Quaker Town i mBéarla. Fuair an baile a ainm ó bhanphrionsa álainn a bhí pósta le fear de Mhuintir Uí Mhaoileachlainn sa dara haois déag. Sa bhliain 1709 scríobh an Dr Thomas Molyneux ó Bhaile Átha Cliath an líne seo a leanas nuair a thug sé cuairt ar Mhóta: “Is baile deismir beag glantóga é Móta, atá d’aer éagsúil ó choitiantacht na sráidbhailte Éireannacha sa chuid seo d’Éirinn.”
Ach chun áit a aithint i ndáiríre ní mór duit rud éigin a bheith ar eolas agat faoina stair agus ar tharla ann. Cé hiad na Caecair, nó Cumann na gCarad, agus cén tionchar a bhí acu ar Mhóta? Ó na rudaí a chuala mé roimhe seo, cheap mé go mbeadh tionchar na staire le feiceáil go láidir anseo. Chun níos mó eolais a fháil chuaigh mé isteach sa leabharlann i lár an bhaile. Tá sí i seanfhoirgneamh ina raibh príosún i bhfad ó shin. Bhí bean dheas ag obair sa leabharlann. Bhí sí fáilteach agus cairdiúil. Agus muid ag comhrá, bhí sé soiléir go raibh eolas iontach aici ar an stair áitiúil. Thuig sí go raibh suim agam sa stair chomh maith, go mórmhór na Caecair. Thug sí an t-eolas dom go raibh tionchar ag na Normanaigh sa dara haois déag agus d’fhág siad a rian ar an mbaile. Tá créfort daingean Normanach, móta agus bábhún, le feiceáil fós taobh thiar den phríomhshráid sa bhaile. Dúirt mé léi go mbeinn sásta teacht ar ais lá éigin eile chun an rud sin a fheiscint. Leanamar ag caint agus fuair mé amach go raibh Móta i mbarr a réime sa seachtó haois déag leis na Caecair. Ba dhaoine gnó iontacha iad agus chruthaigh siad go leor oibre do mhuintir na háite.
Bhí muintir Clibborn an-tábhachtach mar mhúnlaigh siad tionscal an bhaile ar feadh dhá chéad bliain. Tá tithe a rinne na Caecair fós le feiceáil sa bhaile. Cé go bhfuil foirgnimh spéisiúla ann tá go leor foirgnimh fholmha sa bhaile. Is trua é sin mar is dócha go bhfuil stair ag baint le cuid acu chomh maith. D’fhiafraigh mé an bhfuil sé fíor gur chaith Cromail oíche amháin i gcaisleán Uí Mhaoileachlainn. Le miongháire dúirt sí go raibh an ceart agam. Bulaí amach is amach ab ea an diabhal fir sin. Saghas Trump ag an am, a dúirt sí agus í ag pléascadh amach ag gáirí. Ghoid sé tailte agus thug sé iad dá shaighdiuírí. Ach tá scéal suimiúil ag baint leis an bhfear seo chomh maith.
Bhí talann ag na saighdiúirí a thug sé isteach go hÉirinn, agus d’oibrigh siad go dian dícheallach. Thug siad isteach go leor tionscal cosúil le línéadach, súdaireacht agus modhanna feirmeoireachta níos fearr. Tháinig forbairt tionsclaíochta de réir a chéile. Tá reilig ó 1697 taobh thiar den chaisleán. Is féidir na hainmneacha ón am sin a fheiceáil.
Ansin theastaigh cupán caife uaim. Trasna na sráide bhí bialann bheag darb ainm The Pantry. Satharn a bhí ann agus bhí sé plódaithe le daoine ag ól caife agus tae. Áit the theolaí le hatmaisféar deas a bhí ann. Caint agus cairdeas le gach duine a chastar ort. D’ith mé píog úll sárbhlásta. Thosaigh mé ag caint leis an úinéir, Annette, agus bhí sí sásta mo cheisteanna a fhreagairt. Ba dhuine gealgháireach áitiúil í. D’oscail sí an bhialann beagnach daichead bliain ó shin. Tá aithne aici ar gach duine sa cheantar. Sular imigh mé cheannaigh mé cácaí milse nuabhácáilte. Bhí boladh iontach ag teacht astu, bhí siad cosúil leis na císte banríona a dhéanadh mo sheanmháthair blianta ó shin.
Thug mé faoi deara go raibh an tsráid taobh amuigh gnóthach. Mar is eol dúinn, spreagann an t-earrach gluaiseacht agus fiosracht ag tarraingt daoine amach as a dtithe agus tugann sé deis do gach duine nascadh leis an saol amuigh faoin aer. Ó féach, arsa bean amháin, tá na fir ag obair go luath ar maidin. Bhí grúpa ó Bhailte Slachtmhara an Mhóta gléasta in éadaí oibre oiriúnacha agus ag obair le spáda, sluaistí agus uirlisí eile agus iad ag glanadh na gcosán, ag baint fiailí agus ag cur bláthanna idathacha i mboscaí adhmaid. Bhí sé soiléir dom go raibh spiorad pobail iontach anseo i measc na dtrí mhíle duine atá ina gcónaí ann. Níl laghdú ar áilleacht na tuaithe anseo. Tá siad bródúil as a stair agus a n-oidhreacht.
Ag teacht amach as an gcaife, bheannaigh mé do dhuine de na fir oibre, ag rá ‘beannacht Dé ar an obair’. Duine cúthail a bhí ann ach bhí sé sásta a bheith ag caint liom. Níos luaithe bhí sé féin agus a chomhghleacaithe ag glanadh suas an tseanstáisiúin traenach. Dúirt sé go raibh roinnt toir róis agus gach saghas planda curtha acu ansin. Baineadh úsáid as an staisiún sa bhliain 1978 le haghaidh an scannáin The Great Train Robbery. Ghlac Seán Connery an phríompháirt sa scannán. Ar ndóigh, bhí páirt bheag agamsa sa scannán sin chomh maith. Tharla sin i gCaisleán Bhaile Shláine i gContae na Mí. Dhún an t-iarnród in 1983 agus anois is bealach glas é. Is áis iontach é do mhuintir na háite chun bheith ag siúl nó ag rothaíocht.
Tugann Comhairle Contae na hIarmhí tacaíocht dá dtionscadail. Ach tagann na daoine seo amach beagnach gach Satharn. Tá siad sásta a n-am saor féin a thabhairt dá n-áit féin. Déanann an fhoireann oibrithe deonacha seo obair dhochreidte ag feabhsú áiteanna poiblí, ag cur inbhuanaitheacht chun cinn agus ag cruthú timpeallacht fháilteach do chách. Ag fágail slán acu thug mé buíochas agus moladh ard dóibh. Bhí mé sásta go maireann tionchar na gCaecar sa lá atá inniu ann.
Bhí sé in am dom leanúint ar aghaidh ar mo thuras. Tá súil agam go bhfillfidh mé arís go luath chun bualadh leis na daoine fáilteacha seo agus níos mó a fhoghlaim faoin mbaile álainn seo.