Léamhthuiscint: Léigh an sliocht thíos agus freagair na ceisteanna a leanas.

Céilúrtar Lá Fhéile Pádraig timpeall an domhain. Is lá saoire poiblí é in Éirinn, Talamh an Éisc, agus Labradar i gCeanada, agus Montserrat i Muir Chairib. Tráth dá raibh b’fhéile chiúin é Lá Fhéile Pádraig, ach anois is céilúradh domhanda é. Foghlaimeoimid san alt seo faoi stair na féile.
Cosúil le gach féile de chuid na hEaglaise Caitlicí bíonn Aifreann ar siúl ar an lá seo. Is thar lear a eagraíodh an chéad mhórshiúl Lá Fhéile Pádraig i bpríomhchathair Florida nuair a bhí sé faoi riail Impireacht na Spáinne. Tá fianaise ann gur eagraíodh biocáire Éireannach darb ainm Ricardo Artur an mórshiúil in 1601. D’eagraigh saighdúirí Éireannacha in Arm na Breataine ceann eile i mBostún in 1737. Deirtear go raibh i bhfad níos mó béime ar an bhféile sa diaspóra ná mar a bhí in Éirinn, mar shampla níor eagraíodh an chéad pharáid in Éirinn go dtí 1903 nuair a rinneadh lá saoire bainc den lá. An bhliain bhí Seachtain na Gaeilge ar siúl ag Conradh na Gaeilge den chéad uair.
Tá ceangal mór idir Lá Fhéile Pádraig agus éadaí glasa a chaitheamh. Téann bhaint idir an dath glas agus Éire siar go dtí an t-aonú haois déag ar a laghad. In Leabhar Gabhála na hÉireann tháinig Gael Glas (nó Goídel Glas sa seanlitriú), sinsear na nGael, go hÉirinn. Sna 1640í d’úsáid Comhdháil Chaitliceach na hÉireann bratach glas le cláirseach air. Sa lá atá inniu ann caitear éadaí glasa ar fud an domhain Lá Fhéile Pádraig. In Éirinn caitear seamróg.
Ceisteanna buntuisceana
- Cá háit ar domhan ina bhfuil Lá Fhéile Pádraig ina lá saoire poiblí?
- Cá háit a raibh an chéad pharáid Lá Fhéile Pádraig?
- Cé a d’eagraigh é?
- Cathain a eagraíodh an chéad pharáid in Éirinn?
- Cathain a thosaigh Seachtain na Gaeilge?
- Cathain agus cé a d’úsáid bratach glas le cláirseach air in Éirinn?