Tá Lá Fhéile Pádraig ag bualadh linn agus beimid uilig ag ceiliúradh. Beidh na polaiteoirí ag dul timpeall an domhain chun branda na hÉireann a chur chun tosaigh. Ina measc beidh an Taoiseach ag dul go dtí an Teach Bán chun bualadh le hUachtarán SAM Donald Trump. Tá conspóid ag baint le bualadh le hUachtarán SAM le cúpla bliain anuas ó thosaigh an cinedhíothú in Gaza. Ach tá conspóid níos mó ann i mbliana. Tá Trump fós ag tacú le hIosrael agus iad i mbun an chinedhíothaithe seo, cé go ndearna Trump iarracht sos cogaidh a ghlaoch, ach tá an sos cogadh á shárú ag arm Iosrael i gcónaí. Chomh maith leis sin bhí Trump ag iarraidh an Ghraonlainn a ghabháil níos luaithe i mbliana. Bheartaigh sé gan é sin a dhéanamh ach is beag nár cuireadh deireadh ECAT dá bharr, mar tá an Danmhairg, a bhfuil an Ghraonlainn ina seilbh faoi láthair ina bhallstát de ECAT. Ansin 3 mhí ó shin ghabh fórsaí Mheiriceá Uachtarán Veiniséala Nicolás Maduro agus tá sé anois i bpríosún i Nua-Eabhrac. Ansin le coicís anuas tá SAM agus Iosrael ag ionsaí na hIaráine, fiú amháin agus cainteanna rathúla ar siúl eatarthu an tseachtain roimhe sin. Mharaigh siad ceannaire stát na hIaráine, an Ayatollah Khameni, agus tá cogadh fíochmhar ar siúl idir na 3 thír ó shin, agus tíorta go leor sa Mheán á mbualadh. Chomh maith leis sin bhí daoine á marú ar na sráideanna in Minnesota de bharr gníomhaíochtaí ICE. Dhíbir ICE inimircigh Phalaistíneacha ó SAM agus chuaigh siad trí Aerfort na Sionainne, cé gur léir gur teifigh iad agus gur chóir do SAM aire a thabhairt dóibh. Tá an Taoiseach Micheál Martin ag diúltú SAM a cháineadh as cogadh a thosú gan fáth. De réir an fhreagra a thug Micheál Martin i dTeach Laighean ní sé ag iarraidh an caidreamh atá idir Éire agus SAM a scriosadh trí gan dul go dtí an Teach Bán. Go deimhin mhaslaigh Trump Martin anuraidh nuair a dhiúltaigh sé bualadh le Martin ar Lá Fhéile Pádraig féin seachas cúpla lá roimhe. Ina áit sin bhuail sé le Conor McGregor ar Lá Fhéile Pádraig. Níor chóir do Mhicheál Martin dul anonn nuair atá Trump ag sárú dlí idirnáisiúnta. Bí cinnte nach mbuailfeadh an Taoiseach le Putin dá má rud é go bhfuair sé cuireadh uaidh, ach mar is eol dúinn ar fad is é an t-airgead a rialaíonn ár gcóras polaitiúil, go háirithe airgead Mheiriceá ó na comhlachtaí Meiriceánacha.    

Caoimhín Ó Cadhla

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.