Bhí meas ag go leor daoine ar Mhícheál D Ó hUiginn agus ar an dá théarma a chaith sé mar uachtarán. Ach droch-chleachtas amháin a tháinig chun cinn le linn a thréimhse sa ról ná gur tosaíodh ar phardúin a thabhairt do dhaoine a chuir stát na Breataine chun báis agus iad i gceannas ar an tír.
In 2023 thug an tUachtarán pardún do John Twiss a ciontaíodh as James Donovan, feighlí ar eastát i dTuaisceart Chorcaí, a mharú. Lámhachadh Donovan in 1894 le linn tréimhse dhian de choimhlint talmhaíochta. Tháinig brú ar na póilíní é a chúiseamh, ainneoin easpa fianaise fisiceach, ráitis finnéithe a bhí ag teacht salach ar a chéile, agus amhras ann gur cuireadh iallach ar dhaoine ráitis a thabhairt. Creideadh ag an am gur crochadh Twiss chun mar rabhadh le linn tréimhse theannais talún.
An bhliain dár gcionn, in 2024, tugadh pardúin do Sylvester Poff agus James Barrett. B’fheirmeoirí tionónta ó cheantar Oileán Chiarraí iad an bheirt. Ciontaíodh iad as marú Thomas Brown in 1883 i dtreo dheireadh Chogadh na Talún. Crochadh iad i bPríosún Thrá Lí. Ba léiriú é bású na beirte do na tuathánaigh eile éirí as an ngluaiseacht i gcoinne na dtiarnaí talún agus stát Shasana in Éirinn.
An cás ab éagóraí, is dócha, ná cás Mhaolra Seoighe, a crochadh in 1882 as “dúnmharuithe Mhám Trasna”, a tharla le linn Chogadh na Talún chomh maith. Tá taifead cruinn ar na heachtraí seo le fáil i leabhar an iar-Choimisinéir Teanga Seán Ó Cuirreáin, Éagóir: Maolra Seoighe agus Dúnmharuithe Mhám Trasna, agus sa leabhar Béarla le Margaret Kelleher, The Maamstrasna Murders: Language, Life and Death in Nineteenth-Century Ireland. Léitear sna leabhair sin mar a imríodh feall ar Seoighe, a bhí ina chainteoir aonteangach Gaeilge. Níor tugadh ceartas ar bith dó sa chúirt a d’fheidhmigh trí Bhéarla.
Ach, bhí sé áiféiseach go mbeadh uachtarán ar stát a bunaíodh in 1922, stát nach raibh ar an bhfód nuair a tharla na heachtraí éagóracha seo faoi riail Shasana, ag tabhairt pardúin ar a son. Is stát Shasana ar chóir pardúin agus leithscéal a ghabháil as na héagóracha seo, agus neart éagóracha stairiúla agus comhaimseartha lena ais.
Tréith aisteach iarchoilíneach é nach mbeimis ag iarraidh impí ar Shasana leithscéal a ghabhadh agus go mbeadh an stát ag glacadh an chúraim sin air féin; samhlaigh, ag gabháil leithscéal as easpa ceartais a rinne an stát coilíneach le linn tréimhsí a bhí na hÉireannaigh ag éirí amach i gcoinne córas míchothrom talún! Ní raibh bun ná barr leis.
Ar an dea-uair tá sé fógrartha ag an Aire Dlí agus Cirt, Jim O’Callaghan, go mbeidh deireadh ag teacht leis an gcleachtas áiféiseach seo. Luaigh O’Callaghan go raibh easpa doiciméadú déanta ar na cásanna roimh 1922 agus go raibh leibhéal ard fianaise de dhíth chun pardúin a thabhairt. Ach i ndáiríre is é an bhuncheist ná gur córas dleathúil éagsúil agus stát éagsúil é a rinne na héagóracha, mar sin ní raibh ciall ar bith le stát nach raibh ar an bhfód fiú pardúin a thabhairt thar ceann stát coilíneach.
Is staraí gairmiúil é Kerron Ó Luain a bhain a chéim dhochtúireachta ó Ollscoil na Banríona, Béal Feirste.