Coup d’état an CIA san Iaráin, 1953

An Dr Kerron Ó Luain

Tá na Poncánaigh tar éis cogadh a thosú leis an Iaráin. Dream craiceáilte religiúnda i bhfad amach ar an eite dheas atá i gcomhairí Trump. Beidh mearbhall ar go leor den dream a chaith vóta ar son Trump agus é ag maíomh go ndíreodh sé ar SAM agus nach mbacfaidh sé le cogaí thar lear. Ach tá an chogaíocht lárnach d’idé-eolaíocht agus geilleagar na bPoncánach. Tá SAM tar éis a bheith i mbun cogaíochta ar feadh 229 bliain as an 246 a bhfuil sé ar an bhfód.

Ní luann na mórmheáin an eachtra chinniúnach i stair na hIaráine nua-aimseartha atá mar chomhthéacs den mhéid atá ag tarlú faoi láthair, is é sin an coup a rinne an tIarthar san Iaráin in 1953.  Sna 1950í bhí sé mar aidhm ag an CIA gluaiseachtaí daonlathacha a chur faoi chois a bhagair ar mhianta straitéiseach agus corparáideach an Iarthair. Tharla seo ní hamháin san Iaráin, ach sa tSile, sa Tuirc agus tíortha eile nach iad.

Chinn an CIA go gcaithfí fáil réidh le Príomh-Aire na hIaráine, Mohammad Mossadegh an tráth sin. Bhí sé de dhánacht aige go ndearna sé náisiúnú ar thionscail ola na tíre, a bhí faoi smacht ag an gComhlacht Ola Angla-Iaránach (COAI) roimhe sin, an comhlacht Briotanach ba bhrabúsaí ar domhan. Ach níor chuir an comhlacht an brabús sin i dtreo infreastruchtúr na hIaráine. Seoladh an t-airgead díreach chun na Ríochta Aontaithe. 

Ghlac an Iaráin inspioráid ón náisiúnachas Arabach a bhí ag borradh an tráth sin. Mhol an tír go mbeadh córas ann ina roinnfí an brabús 50/50 mar a tharla leis an múnla Saudi-Meiriceánach. Ach dhiúltaigh na Sasanaigh do gach comhréiteach, rud a spreag parlaimint na hIaráine náisiúnú a dhéanamh ar an COAI in 1951. Thairg Mossadegh 25% den bhrabús don Ríocht Aontaithe agus gheall sé go gcoimeádadh fostaithe an chomhlachta a bpoist. 

Níor leor sin do rialtas Londain agus tosaíodh ar fheachtas cogaíochta eacnamaíche: bacainní agus baghcat ar an ngeilleagar agus reo ar acmhainn na Iaráine i measc bearta eile. Ainneoin an bhrú ar fad, thacaigh cosmhuintir na hIaráine go mór le polasaí an náisiúnaithe, rud a d’fhág nach mbeadh sé indéanta dul siar air.

D’iompaigh an Ríocht Aontiathe agus SAM ar bhearta faoi cheilt ina dhiaidh sin. Dhearbhaigh an gníomhaí CIA Kermit Roosevelt don Shah gur thacaigh Churchill agus Eisenhower le fáil réidh le Mossadegh. D’fhoilsigh an Shah forógra ríoga i mí Lúnasa 1953 agcur brú ar Mossadegh éirí as, ach níor ghéill an príomh-aire. D’áitigh sé gur ag an bparlaimint amháin a bhí an chumhacht fáil réidh leis.

I ndiaidh gur theip ar an gcéad iarracht ar coup theith an Shah chun na Róimhe. D’eagraigh an CIA agóidí sráide agus buíon mhíleata agus d’éirigh leis an coup ar an 19 Lúnasa. Tháinig an Shah ar ais chun na hIaráine agus tuilleadh cumhachta, ollsmacht nach mór, aige. Sáraíodh cearta daonna ar bhonn leanúnach sna blianta ina dhiaidh sin.

Ní féidir réabhlóid Ioslamach 1979 a thuiscint gan comhthéacs coup 1953. Scriosadh forbairt dhaonlathach na hIaráine nuair a fuair an tIarthar réidh le Mossadegh. Treisíodh ar an riail údarásaíoch, riail atá anois á úsáid mar leithscéal le cogadh agus athrú réimeas a chur ar bun arís! 

Dár ndóigh, is acmhainní nádúrtha, mianraí, ola agus a leithéid atá ó SAM, agus tá Iosrael agus a tionscadal ar mhaithe le hOll-Iosrael mar chuid den scéal. Níl spéis dá laghad ag SAM sa daonlathas, mar a léiríonn coup na hIaráine in 1953. Ná ligimis do raiméis na mórmheán, Trump, Micheál Martin, ná éinne eile, an dallamullóg a chur orainn.


Is staraí gairmiúil é Kerron Ó Luain a bhain a chéim dhochtúireachta ó
Ollscoil na Banríona, Béal Feirste.

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.