Maraíodh Amy Doherty Dé Sathairn agus tá fear á choinneáil ag SPTÉ
Bhí racht bróin i gCathair Dhoire an deireadh seachtaine seo caite nuair a tháinig sé chun solais gur dúnmharaíodh bean óg. Dúirt teaghlach Amy Doherty, go bhfuil siad croíbhriste le pian, brón agus díchreideamh.
Gabhadh fear, 30, ar amhras go ndearna sé dúnmharú agus tá sé á cheistiú ag na póilíní go fóill.
Tuigtear gur thit an fear a gabhadh ó Dhroichead an Fheabhail an mhaidin sin. Mar gheall air sin druideadh bóithre nuair a bhí beart tarrthála ar bun.
Thángthas ar Amy gortaithe ag i dteach i nDoire Trasna ag 10.20 maidin Shathairn, fuair sí bás níos moille ansin san otharlann.
Thosaigh SPTÉ fiosrúchán láithreach maidir leis an eachtra.
Chaith siad an chuid is mó den lá ag an teach inar thángthas ar chorp Amy. Dúirt an Bleachtaire Cigire Ferguson ó fhoireann mór-imscrúduithe SPTÉ gur bean óg í Amy, a bhí 28, agus go bhfuil siad ag smaoineamh go príomha ar a teaghlach agus a cairde ag an am choscrach seo.
Tá na póilíní ag iarraidh ar dhuine ar bith a bhfuil eolas acu teacht chucu.
Dúirt Méara Dhoire, Ruairí McHugh, Sinn Féin, go bhfuil an chathair ar fad ag smaoineamh ar theaghlach Amy agus nach gcuideoidh focal ar bith leo, agus gur chóir dóibh a bheith ar an eolas go bhfuil an pobal ar fad ag seasamh leo.
D’oscail an méara leabhar comhbhróin ag Halla na Cathrach.
Dúirt polaiteoirí sa chathair gur baineadh geit as an phobal. Dúirt leasmhéara na cathrach, an Bardasach Niree McMorris, DUP, go gcaithfear oideachas a thabhairt do bhuachaillí óga ar scoil maidir le caidrimh fholláine.
Dúirt Bainisteoir Réigiúnach Seirbhíse Chúnamh na mBan, Sonya McMullan, go bhfuil na staitisticí maidir le foréigean bunaithe ar inscne an-ard sna sé chontae. Creidtear gurb é seo an cás mar gheall ar normalú a bhí déanta ar fhoréigean le linn na coimhlinte.
Dúirt Cónaidmhm Ghrúpaí Chúnamh na mBan sna sé chontae gur maraíodh 30 bean sna sé chontae ó 2020 a bhí ann.