Athbheochan na Manainnise agus Blein ny Gaelgey, 2001-2026

An Dr Kerron Ó Luain

Bunscoill Ghaelgagh

Thug mé cuairt ar Oileán Mhanann ag an deireadh seachtaine. Mar a tharla sé is é Blein ny Gaelgey (bliain na Manainnise) é i mbliana ar an oileán. Is é aidhm na bliana íomhá dhearfach den Mhanainnis a spreagadh agus daoine a chur á húsáid ar bhonn laethúil. Anuas air sin, tá sé i gceist cruthaíocht, foghlaim agus féiniúlacht sa teanga a spreagadh chun bonn níos láidre a chur faoin Manainnis. Chuige sin cuirfear imeachtaí ar bun amhail ceardlanna sa teanga, ceolchoirmeacha, agus seisiúin amhránaíochta. Chomh maith leis sin cruthófar podchraoladh agus múrphictiúir nua, i dteanna tionscadail chruthaíochta eile.

Ceann de na fáthanna go bhfuil Blein ny Gaelgey á ceiliúradh i mbliana ná go bhfuil 25 bliain caite ó bunaíodh Bunscoill Ghaelgagh in 2001. D’éirigh an bhunscoil as grúpaí naíonra ar nós Chied Chesmayd (an chéad chéim), a bunaíodh in 1993, agus Mooinjer Veggey (muintir bheaga) a bunaíodh in 1996. Ghlac an dream a bhunaigh an eagraíocht inspioráid ón méid a bhí ar bun le grúpaí spraoi in Albain ag deireadh na 1980í. Chruthaigh an grúpa naíonra éileamh ar bhunscolaíocht de réir a chéile.

Bunaíodh Sheshaght ny Paarantyn (cumann na dtuismitheoirí) in 1999 agus é mar aidhm bunscoil Mhanainnise a chur ar an bhfód, agus an bhliain sin chuaigh siad i dtreo na Roinne Oideachais lena n-iarratas. D’oscail an scoil i mí Mheán Fómhair 2001 mar shruth, rang amháin i Scoil Bhaile an Choiteora in Doolish, príomhchathair an oileáin, agus naonúr páistí ag freastal uirthi. In 2003 bhog an scoil go dtí a foirgneamh féin i seanscoil Naomh Eoin i lár an oileáin. Bhí cúig dhalta is fiche ann roinnte idir dhá rang faoin tráth sin. Bhí formhór na ndaltaí ag teacht ó naíonra Mooinjer Veggey go fóill. Faoi 2006 ba scoil neamhspleách í Bhunscoill Ghaelgagh lena príomhoide féin. Ó shin i leith tá forbairt tagtha ar an scoil; tá ceithre rang ann anois le daltaí d’aoiseanna éagsúla agus ó cheantair éagsúla ar fud an oileáin.

In 2020, ghlac Rialtas Oileán Mhanann freagracht iomlán as Bunscoill Ghaelgagh, rud a thug an ceart don scoil rochtain a fháil ar sheirbhísí riachtanas speisialta. Tá thart ar 70 dalta ag freastail ar an mbunscoil sa lá atá inniu ann. Is féidir leo dul ar aghaidh go meánscoil i bPurt ny h-Inshey chun cúpla ábhar a dhéanamh tríd an Mhanainnis agus macasamhail Teastas Ginearálta an Mheánoideachas, Teisht Chadjin Ghaelgagh, a dhéanamh. Dár le Stiúrthóir Mooinjer Veggey, Phil Gawne, tá Bunscoill Ghaelgagh tar éis 170 dalta atá líofa sa teanga a chruthú agus “cinniúint na teanga a athrú ó bhonn”.

Is iontach an dul chun cinn atá déanta ag na Manannaigh, go háirithe le scór bliain anuas. Bhí thart ar 8% den daonra ag labhairt na teanga in 1901; 4.8% in 1911; 1.5% in 1921; 1% in 1931, agus 0.5% in 1951. Faoi na 1980í bhí cúrsaí chomh dona sin nár cuireadh ceist faoin teanga sa daonáireamh. Bhí borradh faoin náisiúnachas ar an oileán sna 1970í agus 80í, rud a spreag suim arís sa teanga. Faoi 2021, tá an teanga ag thart ar 2% den oileán, nó 2,200 cainteoirí de chumais éagsúla ann. Mheas an tsochtheangeolaí Tadhg Ó hIfearnáin, in 2010 go raibh thart ar 100 cainteoir d’ardchumas ar an oileán. Ar an drochuair, ní chuirtear ceist sa daonáireamh faoi mhinicíocht.

Tionscadal fiúntach é Blein ny Gaelgey do chur chun cinn na Manainnise. Ach cosúil le gach tír Cheilteach eile, agus gach pobal mionteanga eile lena, caithfear aghaidh a thabhairt ar na bunrudaí ábharaíocha chun pobal teanga a chothú. Fadhbanna ollmhóra iad an t-eisimirce agus cúrsaí tithíochta don aos óg ar an Oileán Mhanainn. Déantar cainteoirí Manainnise a chothú in Bhunscoill Ghaelgagh agus ar bhealaí eile, ach imíonn siad le sruth nuair nach féidir leo poist fhiúntacha ná áit chónaithe réasúnta a fháil ar an oileán. De réir dhaonáireamh 2021 rugadh 49.6% de chónaitheoirí an oileáin ar an Oileán Mhanann, ach rugadh 38.3% sa Ríocht Aontaithe. Déanann cuid de na Sasanaigh a bhogann isteach imeascadh, ach breathnaíonn cuid eile acu ar an oileán mar chontae eile de Shasana. 

Mar sin tá gá le hathrú polasaí tithíochta chun tacú leis an Manainnis agus aos óg an oileáin, rud atá fíor faoi na tíortha Ceilteacha ar fad. Thiar in 2020, shínigh dream ar Oileán Mhanainn, Cymdeithas na Breataine Bige, Misneach na hÉireann, agus Misneachd in Albain Cairt Cheilteach Tithíochta a leag amach spriocanna radacacha don tithíocht. Ina measc bhí ardú ollmhór ar cháin ar an dara teach, rud a baineadh amach sa Bhreatain Bheag ach a chaithfear a chur thar abhainn go fóill sna tíortha eile.


Is staraí gairmiúil é Kerron Ó Luain a bhain a chéim dhochtúireachta ó Ollscoil na Banríona, Béal Feirste.

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.