N’fheadar ar smaointigh Gaeilgeoirí mórán, nó riamh, faoin díospóireacht a bhí ar bun i roinnt tíortha, an Bhreatain Bheag ina measc, faoi “stát ar dtús” nó “cearta agus an teanga faoi bhláth roimhe”.
Ba é an dearcadh a bhí ag an tírghráthóir Breatnach Saunders Lewis (1893-1985), ina chraoladh clúiteach Tynged Yr Iaith (cinniúnt na teangan) in 1962, gur buille marfach a bheadh ann dá mbainfí saoirse amach roimh don Bhreatnais stádas dleathach a bheith aici.
Duirt an saoi fosta gur réabhlóid a theastaigh, agus an cineál reabhlóide a bhí uaidh ná “gníomh díreach” le feachtas ar na sráideanna, easumhalaíocht shibhialta sna hearnálacha craoltóireachta, oideachais, comharthaíochta, rialtais, riaracháin agus dlí agus cirt. Gan sin, a mhaígh sé, bheadh an Bhreatnais marbh faoin bhliain 2000.
Chuaigh an óráid áirithe seo go móriI bhfeidhm ar na Breatnaigh agus cuireadh Cymdeithas Yr Iaith Gymraeg (cumann theanga na Breatnaise) ar bun go luath ina dhiaidh sin.
Thosaigh siad le comharthaíocht ar na bóithre agus aontaím leis sin, mar sílim gur feiceálacht an rud is tábhachtaí agus go n-éireodh daoine cleachta leis in achar ama measartha gairid.