Labhair an páirtí i ndiaidh do na staitisticí is déanaí ó fheachtas earcaíochta na heagraíochta teacht amach
Tá Sinn Féin ag iarraidh cur chuige 50/50 a chur i bhfeidhm arís maidir le hearcaíocht do Sheirbhís Póilíneachta Tuaisceart Éireann (SPTÉ) agus figiúirí foilsithe acu ar na mallaibh faoin fheachtas is déanaí.
Sna figiúirí is déanaí cuireadh níos mó ná 4,100 duine isteach don phróiseas. Ní raibh ach 27% acu ó chúlra Caitliceach, áfach.
Faoi láthair tá 6,300 oifigeach ag SPTÉ, 67% acu a mheastar gur Protastúnaigh iad, agus 32% acu a mheastar gur Caitlicigh iad.
Tá imní ann go n-éireoidh an scéal níos measa mura ndéantar rud éigin faoin mhíchothromaíocht sa tseirbhís.
Bhí an polasaí 50/50 ó thaobh earcaíochta i bhfeidhm ó 2001 go 2011.
Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!