Ola Rúiseach ar an mbealach go Cúba

Eoin Ó Murchú

Tuairiscitear go bhfuil an Rúis i ndiaidh tancaer ola a sheoladh go Cúba ag tabhairt dúshlán díreach d’iarracht Donald Trump, Uachtaran Mheiriceá, bac amach is amach a chur ar ola ag dul isteach san oileán Cairibeach. 

Thug Trump rabhadh go bhféadfadh Stáit Aontaithe Mheiriceá taraifí pionósacha a ghearradh ar aon tír a thabharfaidh cúnamh do Chúba.

Léiríonn cinneadh seo na Rúise nach bhfeiceann Putin mórán maith i maíomh Trump go bhfuil sé ag iarraidh deireadh a chur le cogadh na hÚcráine. Léiríonn sé go gcreideann na Rúisigh gur mó caint ná brú ar an Úcráin atá ann i ndairíre.

Mar sin tá an Rúis ag daingniú a gcuid comhghuailliochta le tíortha ar nós Chúba agus na hIaráine. Bhí comhchleachtaí cabhlaigh ag an Rúis agus an Iaráin le deireannas freisin, beart eile a thugann dúshlán do Trump.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!