Gleann an Smóil, tearmann deireanach na Gaeilge i gContae Bhaile Átha Cliath

An Dr Kerron Ó Luain

Baint móna, Gleann an Smóil 1935Baint móna, Gleann an Smóil 1935

Ní de bharr teann spéise a ndéantar anailís ar chás leithéidí Gleann an Smóil, in iardheisceart Bhaile Átha Cliath. Léiríonn an gleann mar a chlis ar an nGaeilge de dheasca brú struchtúrtha, éiginnteacht eacnamaíochta agus naimhdeas an stáit. Fórsaí iad seo a bhrúigh síos ar an teanga agus a d’iompaigh an pobal ar an mBéarla laistigh de chúpla glúin.

Ní rud é seo le staidéar a dhéanamh air amháin. Is rabhadh é don lá atá inniu ann. Nuair nach mbíonn a neamhspleáchas nó féinriail agus cúinsí ábharaíocha sásúil ag pobal is deacair bonn láidir a choimeád faoin teanga agus cultúr.

Léiríonn fianaise scoláirí amhail Ua Broin, Piatt, Price, agus daoine eile nach iad, gur mhair an Ghaeilge níos faide in iardheisceart an chontae ná áit ar bith eile. Bhí Gleann an Smóil ar an tearmann deireanach a briseadh. Tá cíoradh spéisiúil déanta ar na díospóireachtaí scolártha a bhaineann leis an iompú teanga sa ghleann ar an mblagspota Dublin Gaelic. Is cosúil go raibh cuid de na scoláirí ródhóchasach faoi bheatha na Gaeilge sa ghleann agus chinn siad gur mhair sí níos faide isteach sa naoú haois déag ná mar a bhí amhlaidh. Ach, go bhfios dom, níl aon staidéar nua-aimseartha scolártha déanta ar an nGaeilge sa ghleann ó scríobhadh ailt acadúla faoi i lár na fhichiú haoise. 

Cibé ar bith, is féidir a áitiú gur mhair an Ghaeilge sa cheantar seo i bhfad níos faide ná mar a mhaíonn naimhde na teanga a scaoileann rudaí áiféiseach uathu ar nós “nár labhraíodh an Ghaeilge mar theanga phobail i mBaile Átha Cliath le 800 bliain anuas.”

In 1753 ba í an Ghaeilge teanga an phobail go fóill i Ráth Cúil, mo bhaile dúchais féin, in iardheisceart an chontae. I bhfoisceacht scread asail de Ráth Cúil tá Gleann an Smóil, agus faoi 1837 bhí Eoghan Ó Comhraidhe in ann bualadh le seanchainteoirí ar nós Uilliam Uí Reachtabhra agus a dheirfiúr Úna, a labhair “Gaeilge chomh maith lena raibh cloiste aige”. Deir daoine áirithe gur eisceacht a bhí sna Reachtabhraigh, ach mar a luaigh mé, tá staidéar níos doimhne de dhíth ar an gceist. De réir chuntas Uí Reachtabhra, dhá scór bliain roimhe sin “nár labhraíodh mórán Béarla sa ghleann seo”, rud a chuireann in iúl go raibh an Ghaeilge fós i réim sa ghleann thart ar 1800.

Ach laistigh d’achar tríocha nó daichead bliain cliseadh ar an teanga. Ní de bharr easpa spéise cultúrtha nó iompú teanga “nádúrtha” a tharla sé seo. Fórsaí ábharaíocha a thiomáin an próiseas. Osclaíodh bóithre sna 1740í, tháinig oibrithe cairr as Baile Átha Cliath a bhraith ar an mBéarla don obair, agus bhí amhras ar na húdaráis choilíneacha faoin nGaeilge de bharr éirithe amach 1798 agus 1803. Tá bearna ollmhór sa taighde mar a bhaineann sé le teanga urlabhra na reibiliúnach tuaithe in 1798.

I nGleann an Smóil is léir gur chothaigh an t-atmaisféar contúirt dóibh siúd a labhair an Ghaeilge. Chuir clanna pionós ar a bpáistí as an teanga a labhairt. Agus chun maireachtáil sa domhan caipitleach Béarla b’éigean Béarla a shealbhú. Is ceacht tábhachtach é seo don lá atá inniu ann. Tá an geilleagar caipitleach Béarla ag brú síos ar an nGaeilge go fóill. Bogann an geilleagar céanna, an córas tithíochta príobháideach go háirithe, daoine i bpobail teanga chun na gceithre hairde.

Tá an baol céanna ann don Ghaeltacht sa lá atá inniu ann. Tá praghas na dtithe as cuimse ard, níl an stát ag tógáil tithíocht phoiblí do Ghaeil óga, agus drogall air a ladar a chur isteach sa mhargadh. Sna ceantair uirbeacha ní fiú a bheith ag trácht ar líonraí Gaeilge, gan fiú dlúthphobail teanga a lua, de bharr na géarchéime tithíochta don aos óg. Más pobail Ghaeilge atá uainn, seachas an siombalachas, caithfear troid ar son na mbunrudaí ábharaíocha atá mar bhunús dóibh: tithíocht, fostaíocht, infreastruchtúr, seirbhísí dátheangacha stáit. Léiríonn an stair go lom gur féidir le deireadh teacht le pobail teanga gan na tacaíochtaí ábharaíocha cearta.

Ar an dea-uair, tá athbheochan na Gaeilge tar éis fréamhacha a chur sa cheantar máguaird le dhá scór bliain anuas. Bunaíodh Scoil Santain agus Scoil Chaitlín Maude sa cheantar sna 1980í agus bunaíodh Caifé Aon Scéal le blianta beaga anuas. Ach chun fíortheanga phobail a dhéanamh den Ghaeilge i dTamhlacht arís ní mór díriú ar bhearta radacacha ar nós lonnaíochtaí lán-Ghaeilge, tithe i gcóngair dá chéile ina mbeadh Gaeil ag maireachtáil iontu, á labhairt go laethúil, agus á seachadadh ó ghlúin go glúin.


Is staraí gairmiúil é Kerron Ó Luain a bhain a chéim dhochtúireachta ó Ollscoil na Banríona, Béal Feirste.

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.