Buille eile d’údarás Mhicheáil Martin

Eoin Ó Murchú

Drochscéal eile do Mhicheál Martin is ea an phobalbhreith is deireanaí an tseachtain seo ó Ireland Thinks a foilsíodh in The Sunday Independent an Domhnach seo caite.

Dar leis an bpobalbhreith seo, ceapann 45% de na vótóirí gur chóir do Martin éirí as láithreach mar thaoiseach agus mar cheannaire ar Fhianna Fáil. Níl ach 13% ag rá gur cóir dó fanacht mar cheannaire don olltoghchán seo chugainn.

Ní thabharfaidh Martin aon aird ar an mbreith seo, gan dabht, ach tabharfaidh baill an pháirtí, na teachtaí Dála agus na seanadóirí.

Go dtí seo bhí tuairim taobh istigh den pháirtí go rabhthas ag breathnú ar Martin le gnaoi agus gur mheall sé vótaí don pháirtí mar gheall air sin. Léiríonn na figiúirí seo, cibé gnaoi atá ann i leith an Taoisigh, go bhfuiltear fós den tuairim go bhfuil a rás rite.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.