
Bronnadh Gradam an Uachtaráin ar an ghníomhaí ceart agus teanga Fergus Ó hÍr Dé Sathairn seo caite ag Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge, a bhí ar siúl in Óstán Europa i mBéal Feirste. B’ócáid stairiúil í an ardfheis i mbliana, agus í ar ais i mBéal Feirste den chéad uair ó 1996, tráth a raibh Gearóid Ó Cairealláin ina Uachtarán ar an eagraíocht. Roimhe sin, ní raibh an ardfheis ar siúl i mBéal Feirste ó 1932.
Is duais bhliantúil é Gradam an Uachtaráin a bhronntar ar dhuine ar leith a bhfuil éachtaí suntasacha déanta acu ar son na Gaeilge agus na Gaeltachta. Tá clú agus cáil ar Fergus Ó hÍr mar ghníomhaí pobail, teanga agus ceart le breis agus leathchéad bliain in iarthar Bhéal Feirste. Bhí sé lárnach san fheachtas ar son cearta sibhialta agus sa ghluaiseacht in éadan na mBlocanna H. Toghadh é mar chomhairleoir ar son Dhaonlathas an Phobail in 1981, agus níos déanaí d’imir sé ról ceannródaíoch in athbheochan na Gaeilge mar chéad phríomhoide ar Mheánscoil Feirste sna 1990í. Chaith sé tréimhse fhada ina dhiaidh sin mar bhainisteoir ar Raidió Fáilte, áit ar chuir sé forbairt mhór ar na meáin Ghaeilge sa chathair. Toghadh é ar Choiste Gnó Chonradh na Gaeilge ag Ard-Fheis 1996 i mBéal Feirste.
Ag labhairt dó ag an mbronnadh, dúirt Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Ciarán Mac Giolla Bhéin, go raibh tionchar ollmhór ag Fergus ar phobal na Gaeilge ó thuaidh le leathchéad bliain anuas, agus gur spreag sé glúine iomlána daltaí agus gníomhaithe lena cheannaireacht agus lena fhís.
Le linn an deireadh seachtaine pléadh rúin ó chraobhacha ar fud na tíre, lena n-áirítear ceisteanna tithíochta sa Ghaeltacht, polasaí teanga thuaidh agus theas, agus rún stairiúil chun bunreacht an Chonartha a leasú chun gníomhú i dtreo Éire Aontaithe ar mhaithe leis an Ghaeilge. Toghadh uachtarán agus coiste gnó nua don bhliain romhainn freisin.
Ag an dinnéar oifigiúil bronnadh gradam d’oibrí deonach náisiúnta na bliana ar Cholmán Ó Raghallaigh ó Chraobh Chlár Chlainne Mhuiris ar son a chuid oibre leanúnaí i Maigh Eo agus ar fud na tíre. Tugadh aitheantas speisialta chomh maith do Chomhaltas Uladh agus iad ag ceiliúradh 100 bliain ar an fhód, le moladh ar a gcuid iarrachtaí ceannródaíocha ar son na Gaeilge i gCúige Uladh ó 1926 i leith.
Cuireadh clabhsúr bríomhar leis an ardfheis, agus béim láidir leagtha ar ról lárnach Bhéal Feirste i saol comhaimseartha na Gaeilge.