Ar a lán bealaí, bhí Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge sna Europa, Béal Feirste, thar a bheith pléisiúrtha, eagraithe go maith, le roinnt díospóireachtai suimiúla ann. Bhí daoine cairdiúil agus ba dheas bualadh arís le seanchairde. Molaim an obair leanúnach a dhéanann an Conradh fosta ó thaobh abhcóideachta de.
Ach ní hamhlaidh a lean an dea-scéal nuair a smaoiním faoin chinneadh a rinneadh feachtasaíocht a dhéanamh ar son Éire Aontaithe agus leis an bhunreacht a athrú dá bharr.
Níor chreid mé riamh gur ceart gluaiseacht teangan a nascadh le polaitíocht faoi leith. Mar, in aon sochaí, bíonn éagsúlacht tuairimí agus ídé-eolaiochtaí ann i measc na ndaoine.
Thosaigh an Conradh leis an chreideamh chéanna sin agus bhí an bhallraíocht thar a bheith folláin. Chreid Cumann Chluain Ard sin fosta, agus san eagraíocht fhiúntach sin, bhí cumannaigh, faisistithe, sóisialaithe, poblachtaigh, aontachtaithe agus náisiúnaithe. Duine ar bith, ach go bhfágfadh siad a gcuid bagáiste polaitiúil taobh amuigh den doras. Bhí siad ann don Ghaeilge amháin. Ach i 1915, i gcás an Chonartha, athraíodh an bunphrionsabal, agus ar ndóigh, cailleadh na mílte daoine nár tháinig riamh ar ais. Lagaíodh go trom iad.
Ach, mar bharr ar an donas, tá botún an lae inniú i bhfad níos measa. Sa tuaisceart bhí muid ag déanamh dul chun cinn iontach, ar achan slí, leis an Ghaeilge: reachtaíocht nua, gairmoideachas agus na sluaite, go háirithe an pobal Protastúnach, aontachtach, dílseach, ag clarú le ranganna agus ag léiriú an-spéis i gcultúr na tire. Tá cuid acu, go fiú, leathanaigeantach i dtaca le hÉirinn nua.
An sprioc is mó ba chóir a bheith ann ná athmhuintéaras a chruthú trí mheán na Gaeilge. Ní mór dúinn, ina theannta sin, glacadh le gach gné dár gcultúr mar oidhreacht chomh-choitinn: cibé acu an Ultais, an tOrd Buí nó Ord Ársa na nÉireannach agus gach traisisiún reiligiúnach chomh maith.
Bhí i gcónaí daoine ann ann a deireadh gurb ionann gluaiseacht teangan agus poblachtachtánachas. Cui gcás an duine achrannach sin, Jamie Bryson. Go dtí seo, ní raibh mórán ag tabhairt airde air. Cad é a rinne Conradh na Gaeilge, áfach, ach bronntanas a thabhairt dó? Is féidir lena mhacasámháil a mhaíomh gur fronta eagras Gaeilge d’fhorghabháil ar an phobal PAD. Níl sé in ann mórán i gcoinne na Gaeilge a dhéanamh per se, ach is féidir leis dul i gcion ar an phobal aontachtach, a bhí báúil leis an teanga roimhe, agus a rá, “D’inis mé daoibh.”
Is rud tubáisteach é a tharla ag an ardfheis. Tiomáinfidh sé pobal aontachtach ar shiúl ón Ghaeilge, rud atá do-mhaite. Óir, is í an t-aon dóigh chun an teanga a shábháil ná an pobal céanna a fháil ar bord.
Bhí rud eile ag tarlú a chuir isteach go mór orm. Chuala mé neart ráiteas seicteach le linn an phlé.
Dúradh nár cheart go mbeadh an pobal aontachtach in ann “dul chun cinn a chosc”. Bhí daoine eile ag rá cé go raibh sciar den phobal sin gníomhach leis an Ghaeilge ach, go ndearna siad sin mar gheall go raibh siad sa tír seo agus thagair baill de Chonradh na Gaeilge dóibh féin mar “muidne an pobal Gaelach”. Cé mise, Linda Ervine, Maolcholaim Scott, Ian Malcom, Marcas Mac Pháidin agus Stiofán Carson mar sin?
Tá siad aineolach ar stair agus ríreolaíocht. Nach bhfuil a fhios acu gur Gaeilge teanga na hÉireann, na hAlban agus an Oileáin Mhanann? Nach bhfuil a fhios acu gur as síolra Normanach, Lochlannach agus Sasanach cuid mhaith díobh féin. Nár chuala siad riamh trácht ar an Pháil?
Ba iad an pobal Protastúnach a stiúir cuid théagartha den athbheochan teangan anseo. Throid siad ar son shaoirse na tire, chaomhnaigh siad an comhshaol agus stop siad na báid sclábhaíochta. In ainneoin an iomláin, níl muidne maith go leor agus níl ardán tuilte againn.
Tá an tine bheo anois ina sméaróidí sa teallach.